Thug os cionn 400 duine as na boinn é inniu in Inis Meáin i gcuan na Gaillimhe, sa rás bóthair ar a dtugtar Inis Iron Meáin.
Seo an fichiú bliain an rás ar bun agus meallann cúrsa an ráis dhá chiliméadar déag reathaithe as gach uile chearn.
Eagraíodh an rás ar dtús chun airgead a bhailiú do mheánscoil an oileáin, Coláiste Naomh Eoin.
Maíonn lucht eagraithe na hócáide gurb é Inis Iron Meáin an chéad rás bóthair dá chineál ariamh ar oileáin na hÉireann agus go ndearna pobail eile aithris orthu ó shin le rásaí dá macasamhail.
Éiríonn le coiste eagraithe an ráis daoine aitheanta a mhealladh i gcónaí le bheith ar cheann an chúrsa.
Inniu ba é Méara Chathair na Gaillimhe Eddie Hoare a bhuail an bonnán tosaithe taobh amuigh de Mheánscoil Naomh Eoin ar an oileán i gcuideachta Rós na Gaillimhe Deirdre Ní Cheoinín.
Bhí lánchúlaí fhoireann Chonnacht Tiernan O'Halloran, a d’fhógair an tseachtain seo go raibh sé ag éirí as an gcluiche go gairmiúil, i measc an bhreis is 400 reathaí a thug as na boinn é.

Bhí daoine i láthair as áiteanna chomh fada i gcéin leis an tSualainn agus an Ostair.
D’fhill roinnt Éireannach ó thar lear don deireadh seachtaine Saoire Bainc le bheith páirteach lena dteaghlach. Orthu sin bhí Colin Frost as Caisleán an Bharraigh ach atá ina chónaí i Londain agus tháinig arais go hInis Meáin den triú bliain as a chéile. Bhí a athair agus dheartháir páirteach inniu chomh maith.
Bhí Méabh Kealy, atá go fóill sa bhunscoil ar dhuine de na h-iomaitheoirí ab óige a ghlac páirt sa rás 5 ciliméadar inniu. Tá tábhacht ar leith ag baint le hInis Meáin dá teaghlach mar gur ann a casadh a tuismitheoirí Eithne agus Gerry ar a chéile - ag rás bóthair Inis Iron Meáin! Dúirt Méabh le Nuacht RTÉ inniu go bhfilleann a tuismitheoirí ar an oileán gach bliain ó shin i leith le bheith páirteach agus gur breá léi go mbíonn sise anois ábalta rith amach ina dteannta!

Bhí na deartháireacha Ciarán, Colm agus Alan Breathnach as Baile Munna i mBaile Átha Cliath ansin inniu chomh maith. Tá siad ag teacht go hInis Meáin le fada agus is é seo an chéad rás a ritheann siad gach bliain. Tá sé le maíomh ag Alan gurb é is sine den triúr agus ainneoin sin gur éirigh leis am rás a rith níos gaiste ná a bheirt dheartháir!
Tá tóir mhór ag reathaithe ar na rásaí 10 ciliméadar agus 12 ciliméadar a thugann tríd chuid de na háiteanna is sciamhaí agus is suaithinsí ar an oileáin iad - ó dheisceart an oileáin áit nach bhfuil cónaí ar bith, fríd an cheantar ar a dtugtar an 'Carcair’ agus síos fána ghéar fhad leis an ché ag An Chóra. As sin caithfidh iomaitheoirí an rása 12 ciliméadar na comharthaí a leanacht síos chuig na dumhcha agus ar aghaidh go Trá Leitreach agus Ceann Gainnimh, agus as sin aníos fríd bhuailí agus pháirceanna gleoite an oileáin fána gcuid ballaí cloch.
Deir príomhoide Choláiste Naomh Eoin, Mairéad Ní Fhátharta gur minic a fhiafraíonn daoine cad chuige a bhfuil an focal Béarla ‘iron’ in ainm an rása.
"Is rás thar a bheith dian é a ghabhann thar an-éagsúlacht talaimh. Má chuireann tú ceist orm cén fáth a bhfuil an focal ‘iarann’ san ainm, geallaim nach mbeidh ort a fhiafraí arís faoin am a mbeidh an rás rite agat!"
Ba é Rodhlann Mossap as Baile Átha Cliath a bhuaigh rás 12 cileaméadar na bliana seo - taobh istigh de 43:21; bhí John Leahy ina dhiaidh le am de 44:23 agus Mike O’Connor sa tríú háit le ham de 46:51.