Deirtear i dtuarascálacha nua faoi RTÉ go bhfuil cúrsaí rialachais sa chraoltóir náisiúnta go dona agus go gcaithfear cultúr na heagraíochta a fheabhsú.
Meastar go gcuirfear na trí thuarascáil faoi bhráid na Comhaireachta an tseachtain seo chugainn agus go ndéanfaidh an Rialtas cinneadh faoi mhaoiniú RTÉ agus na meán seirbhíse poiblí trí chéile roimh an samhradh.
Moltar sna tuarascálacha bonn níos cinnte a chur faoi mhaoiniú na heagraíochta.
Cáintear chomh maith na hiniúchóirí seachtracha a bhíodh ag RTÉ ach deirtear nár bhain aon duine sochar pearsanta as an gcuntas babhtála a bhí ag an eagraíocht agus ar tarraingíodh go leor conspóide faoi.
Deirtear nach raibh a fhios ag Bord RTÉ go raibh cuntas babhtála ann ná, dar ndóigh, gur ar fhéilteachas corparáideach a caitheadh an chuid is mó den airgead a bhí ann.
Moltar struchtúr maoirseachta na heagraíochta a leasú agus a nua-aoisiú, go háirithe an caidreamh idir an Príomh-Stiúrthóir agus Bhord RTÉ.
Thug Aire na Meán Catherine Martin le fios i dtús na seachtaine seo go raibh na tuarascálacha faighte aici, ach dúirt nár mhór di cúpla lá a chaitheamh á gcíoradh in éindí lena cuid oifigeach agus ag déanamh a marana ar a bhfuil iontu sula gcuirfeadh sí iad faoi bhráid na Comhaireachta.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
 
            