skip to main content

Aithne ag seachtar as gach deichniúr íospartach ar an té a rinne ionsaí gnéasach orthu

Aithne ag seachtar as gach deichniúr íospartach ar an té a rinne ionsaí gnéasach orthu (Stoc-íomhá)
Aithne ag seachtar as gach deichniúr íospartach ar an té a rinne ionsaí gnéasach orthu (Stoc-íomhá)

Bhí aithne ag formhór na ndaoine a ndearnadh ionsaí gnéasach orthu in 2022 ar an té a bhí ciontach ann, de réir figiúirí nua atá curtha ar fáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh.

Léiríonn na figiúirí go raibh aithne ag seachtar as gach deichniúr íospartach ar an duine a rinne an t-ionsaí gnéasach orthu.

Cara nó duine muinteartha leis an íospartach ab ea 14% de na ciontóirí agus leannán nó iarleannán an íospartaigh ab ea 7% díobh. Strainséirí ab ea 29% díobh.

Mná nó cailíní ab ea ceathrar as gach cúigear íospartach agus bhí a leath acu faoi ocht mbliana déag.

Fir nó buachaillí ab ea duine as gach cúigear íospartach agus fir nó buachaillí a bhí sna ciontóirí freisin.

Go ginearálta, tugann beagnach dhá thrian d'íospartaigh tuairisc ar an ionsaí gnéasach a rinneadh orthu do na Gardaí taobh istigh de bhliain ach fanann duine as gach cúigear níos mó ná deich mbliana sula dtéann siad chuig na húdaráis.

Fir, thar mhná, is mó a bhfuil drogall orthu tuairisc a thabhairt do na Gardaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ