Tá saothar an fhile Phalaistínigh aitheanta Marwan Makhoul ceangailte go dlúth lena thír dhúchais agus is minic a bhaintear úsáid as línte ó cheann dá dhánta mar mhanaí ag agóidí ar fud an domhain in éadan chogadh Iosrael ar an Phalaistín.
Tá an file ar camchuairt ar Éirinn an tseachtain seo agus mar chuid den turas tá cnuasach dá dhánta aistrithe go Gaeilge ón mBéarla ag na filí Louis de Paor, Eibhlís Carcione agus Áine Uí Fhoghlú i gcomhar le Éigse Éireann agus IMRAM, an Fhéile Litríochta Ghaeilge.
Is in Iosrael atá cónaí ar Marwan Makhoul ar de shliocht Palaistíneach agus Liobánach é.
Tráchtar i gcuid mhaith dá shaothar ar imeallú an phobail Arabaigh taobh istigh de stát Iosrael agus cíorann an file ceisteanna a bhaineann leis an aitheantas a thugtar agus nach dtugtar do Phalaistinígh sa stát sin, chomh maith le ceisteanna féiniúlachta – idir phearsanta agus náisiúnta.
Dúirt an file Louis de Paor le Nuacht RTÉ go bhfuil tábhacht mhór ag baint le dánta Marwan Makhoul a aistriú go Gaeilge de bhrí go bhfuil fianaise iontu ar an bhfulaingt chomaimseartha sa Phalaistín.
"Tá fearg agus brón agus uafás iontu i dteannta a chéile ach thar aon rud eile tá daonnacht sna dánta mar a bhíonn i gcónaí, is dóigh liom, sa chuid is fearr den bhfilíocht", arsa an Paorach.
"Ar an mbonn sin, déarfainn, dá mbeadh teacht againn ar fhianaise na filíochta ón dtaobh eile den gcath, is dóigh liom gur cheart iadsan leis a aistriú go Gaelainn", a dúirt sé.
Dúirt Annemarie Ní Churreáin a stiúraigh an togra aistriúcháin ar son IMRAM i gcomhar le Liam Carson gur ceiliúradh atá sa chamchuairt ar fhilíocht Marwan ach dar léi "gur comóradh atá ann chomh maith ar mar a thrasnaíonn an fhilíocht teorainneacha agus cultúir éagsúla. Deis atá ann fianaise a thabhairt ar an éagóir shóisialta atá ar bun".
Beidh Marwan Makhoul ag léamh óna shaothar in Ionad James Joyce i mBaile Átha Cliath amárach an 26 Aibreán ag 6.30pm ag fáiltiú speisialta atá á eagrú ag Éigse Éireann ina onóir le tacaíocht ó PEN na hÉireann.
An lá dar gcionn, glacfaidh sé páirt san ócáid Éist leis na hÉin ag Féile Leabhar Dhomhanda Chorcaí a bheas ar siúl in Ionad Ealaíon Triskel.
Léifidh Marwan Makhoul a chuid filíochta féin san Araibis, cuirfidh an t-aistritheoir Raphael Cohen na leaganacha Béarla i láthair agus déanfar na haistriúcháin Ghaeilge ón mBéarla leis na filí Eibhlís Carcione, Louis de Paor, agus Áine Uí Fhoghlú a aithris chomh maith.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ