Chinn coiste cróinéara i gCill Mocheallóg i gCo Luimnigh inniu gur de bharr míthapa leighis a fuair an déagóir Aoife Johnston bás.
Bhásaigh an cailín sé bliana déag, as Sionainn i gCo an Chláir, in Ospidéal Ollscoile Luimnigh ar an 19 Nollaig 2022 nuair a bhuail seipis í.
Dúradh sa choiste cróinéara, ar cuireadh tús leis sa Teach Cúirte i gCill Mocheallóg Dé Luain seo caite, go raibh meiningíteas baictéarach ar Aoife Johnston ach nár tugadh antaibheathaigh di in am.
Dúirt micribhitheolaí comhairleach ag an gcoiste cróinéara inné gur dhóichí go mbeadh Aoife Johnston beo i gcónaí dá mbeadh na hantaibheathaigh a bhí de dhíth uirthi tugtha di in am.
Dúradh go raibh Aoife ag fanacht cúig huaire an chloig déag sular tugadh an cógas leighis di agus tugadh le fios gurbh iad an easpa foirne agus an trangláil othar a bhí i rannóg éigeandála an ospidéil ag an am ba chionsiocair leis an moill.

Agus a fhíorasc á thabhairt aige inniu, dúirt Cróinéir Luimnigh John McNamara go raibh lochtanna móra córasacha in Ospidéal Ollscoile Luimnigh nuair a bhí Aoife Johnston ann agus thug sé le fios go raibh imní air go raibh lochtanna ann i gcónaí.
Mhol sé athruithe móra a dhéanamh ar an tseirbhís sa rannóg éigeandála agus dúirt gur chóir don bhainistíocht ansin gúm a dhéanamh le hucht an chineál brú a bhí ann an lá a cailleadh Aoife agus an cúpla lá roimhe sin.
Thug finnéithe éagsúla le fios go raibh an fhoireann sa rannóg éigeandála "i gcruachás doréitithe" agus gur "sáinn bháis" a bhí san áit ag an am.
Rinne an cróinéir comhbhrón le muintir Johnston agus dúirt gur mhór an crá croí acu éisteacht leis an bhfianaise ag an gcoiste cróinéara le ceithre lá.
Dúirt abhcóide an teaghlaigh Damien Tansey gur mhian leo nach mbeadh ar aon tuismitheoirí eile tragóid mar é a fhulaingt choíche.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ