skip to main content

Jeffrey Donaldson os comhair cúirte, cionta gnéasacha curtha ina leith

Eleanor agus Jeffrey Donaldson ag dul isteach sa chúirt san Iúr inniu
Eleanor agus Jeffrey Donaldson ag dul isteach sa chúirt san Iúr inniu

Tháinig iarcheannaire an DUP Jeffrey Donaldson os comhair cúirte san Iúr i gCo an Dúin inniu agus cionta gnéasacha a bhaineann leis an am a caitheadh curtha ina leith.

Aon chúis déag san iomlán atá curtha ina leith.

Éigniú agus gníomh ró-mhígheanasach le leanbh is ea péire acu, agus baineann na naoi gcinn eile le hionsaí mígheanasach a dhéanamh ar bhaineannach.

Líomhnaítear go bhfuil beirt íospartach ann agus go ndearnadh na cionta ag tráthanna éagsúla idir Eanáir 1985 agus Nollaig 2006.

Tá na líomhaintí á séanadh go láidir ag Jeffrey Donaldson, atá 61 bliain d'aois, ach níor iarradh air pléadáil a dhéanamh sa chúirt inniu.

Tá a bhean chéile Eleanor Donaldson, atá 58 bliain, cúisithe i gcionta gnéasacha freisin.

Ceithre chúis maidir le cabhrú le Jeffrey Donaldson agus neartú lena chionta atá curtha ina leithse.

Tá na líomhaintí á séanadh aicise chomh maith ach – ach oiread lena fear céile – ní dhearna sí aon phléadáil fhoirmiúil sa chúirt inniu.

Scaoileadh saor an bheirt ar bannaí £350 an duine agus ordaíodh dóibh gan aon teagmháil a dhéanamh le finnéithe an ionchúisimh.

An 22 Bealtaine an chéad uair eile a thiocfas an cás os comhair na cúirte ach ní chaithfidh ceachtar den bheirt a bheith i láthair an lá sin.

Gabhadh Jeffrey Donaldson agus a bhean chéile go moch ar maidin an 28 Márta agus cúisíodh iad sna cionta gnéasacha an oíche dar gcionn.

D'éirigh sé as mar cheannaire an DUP a luaithe a cúisíodh é agus ceapadh Gavin Robinson mar cheannaire eatramhach ina áit.

Toghadh Jeffrey Donaldson mar cheannaire an DUP in 2021.

Tá sé ina fheisire parlaiminte do thoghcheantar Ghleann an Lagáin ó 1997.

Ball de Pháirt Aontachtach Uladh a bhí ann go dtí 2003 ach d'fhág sé an páirtí sin agus chuaigh sé isteach sa DUP an bhliain dar giconn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ