I nDáil Éireann inniu, ghabh an Taoiseach Simon Harris leithscéal foirmiúil thar ceann an Stáit le teaghlaigh an 48 duine a maraíodh agus leis na daoine a gortaíodh i dtubaiste chlub oíche an Stardust i mBaile Átha Cliath i 1981.
Thug an Taoiseach le fios gur mhian leis leithscéal a ghabháil gan dul ar chúl scéithe leis.
"Tá aiféala orainn. Loiceamar oraibh in am an ghátair. Ba cheart dúinn seasamh libh ón bhfíorthús ach ina áit sin chuireamar d'fhiacha oraibh seasamh inár n-aghaidhne", arsa sé.
Ag labhairt go príomha a bhí an Taoiseach le teaghlaigh an 48 a bhí ag éisteacht lena óráid san áiléar poilbí sa Dáil.
Dúirt sé go raibh aiféala air go raibh an leithscéal chomh fada sin ag teacht gur cailleadh cuid mhór de ghaolta na marbh idir dhá linn.
Dúirt sé freisin go raibh a fhios aige gur cheap na teaghlaigh "go rímhinic i gcaitheamh i bhfad an iomarca blianta" nach dtiocfadh an lá seo go brách.
Ní foláir nó ba gheall le tromluí a bhí ann do na teaghlaigh ach amháin go raibh siad ina ndúiseacht lena linn, arsa an Taoiseach.
Thug Simon Harris le fios freisin go raibh súil aige go gcuirfí an scéal ina cheart agus go gcuirfí deireadh leis an gcur ó dhoras agus leis an neamart a rinneadh sna teaghlaigh le 43 bliain agus gan uathu ach an fhírinne.
Ghabh sé leithscéal freisin gur tarraingíodh droch-chlú ar na daoine a bhí sa Stardust oíche na tubaiste nuair a líomhnaíodh gur dó mailíseach ba chúis leis. Bhí gach uile dhuine acu neamhchiontach, a dúirt sé.
Ina cheann sin, thug an Taoiseach moladh céadach do thriúr de na gaolta – Gertrude Barrett, Antoinette Keegan agus Bridget McDermott – a mb'éigean dóibh fanacht "i mbothán fuar" nuair a tháinig siad go dtí Tithe an Rialtais cúig bliana déag ó shin lena n-éilimh a phlé. Tá an ceathrú bean a bhí ann an lá úd – Christine Keegan – tá sí imithe ar shlí na fírinne ó shin.
I ndiaidh óráid an Taoisigh, dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur go fuarchúiseach a caitheadh leis na teaghlaigh le 43 bliain.
I 1981, a dúirt sí, tugadh mála dóibh ina raibh corp a mic nó a n-iníne agus gan ar an mála sin ach uimhirchlib.
Mar bharr ar an olc, arsa Mary Lou McDonald, níor tugadh rogha dóibh faoi cén áit a n-adhlacfaí a leanaí.
Ba é seasamh oifigiúil an Stáit riamh gur dó mailíseach ba chúis leis an tubaiste, a mhaígh sí.
Déardaoin seo caite, chinn coiste cróinéara gur marú neamhdhleathach ba chúis le bás gach aon duine den 48 duine i loscadh mór an Stardust.
Údar mór sóláis do na teaghlaigh ab ea ea an fíorasc sin mar gur chuir sé ar neamhní an fíorasc a thug Binse Fiosraithe Keane bliain i ndiaidh na tubaiste gur dócha gur d'aon ghnó a cuireadh an áit trí thine.
Chinn an coiste cróinéara an tseachtain seo caite freisin gur sa chófra te i bpríomh-bheár an chlub oíche a thosaigh an tine agus gur fabht leictreach ba chúis leis.
Ina cheann sin, chinn na giúróirí gur chuir na tíleanna cairpéid a bhí ar na ballaí dlús le leathadh na tine agus go raibh glas nó bac eile curtha ar na bealaí amach as an mbálseomra.
Dhearbhaigh an Taoiseach sa Dáil inniu gur ghlac an Rialtas le cinntí an choiste cróinéara.
Tá an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee agus airí eile le moltaí an choiste cróinéara a scrúdú agus tuairisc a chur i láthair na Comhaireachta amach anseo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ