skip to main content

Ní chúiseofar aon duine den 15 saighdiúir, ar cuireadh ina leith gur thug siad fianaise bhréige do Bhinse Fiosraithe Saville

Teaghlaigh cuid de na daoine a maraíodh Domhnach na Fola, 1972
Teaghlaigh cuid de na daoine a maraíodh Domhnach na Fola, 1972

Ní chúiseofar aon duine den chúigear saighdiúr déag, ar cuireadh ina leith gur thug siad fianaise bhréige do Bhinse Fiosraithe Saville faoi Dhomhnach na Fola i nDoire i 1972.

Maraíodh trí dhuine dhéag san ionsaí a rinne saighdiúirí de chuid na Breataine ar dhaoine a bhí ag glacadh páirte i máirseáil ar son chearta sibhialta ar an 30 Eanáir 1972.

I 2010 tugadh le fios i dTuairisc Saville faoi eachtraí Dhomhnach na Fola gur chuir cuid de na saighdiúirí a bhí i láthair an lá sin ráitis bhréige ar fáil don fhiosrúchán.

Inniu, dúirt Seirbhís Ionchúisithe Thuaisceart Éireann nach raibh go leor fianaise ann leis an chonclúid sin i dTuairisc Saville a chruthú i dtriail choiriúil.

Dúirt an t-ionchúisitheoir, John O Neill, gur scrúdaigh siad cuid mhór ábhair a bhain le cúig dhuine dhéag de na saighdiúirí agus le duine ar líomhnaíodh faoi gur iarbhall den IRA a bhí ann, agus gur fágadh dúshláin mhóra dlí os a gcomhair:

  • Nár bhunaigh Fiosrúchan Saville an cáineadh ar na saighdiúirí ar chaighdeán coiriúil cruthúnais.
  • Nach bhféadfaí, ar chúiseanna dlí, na cuntais a thug na saighdiúirí i 1972 a úsáid mar fhianaise.
  • Nár chuir achan duine a thug fianaise do Bhinse Saville raiteas finné ar fáil don PSNI.

Cuireadh an cinneadh seo in iúl ar maidin do ghaolta na ndaoine a maraíodh ar Dhomhnach na Fola.

Maraíodh trí dhuine dhéag san ionsaí a rinne saighdiúirí de chuid na Breataine ar dhaoine a bhí ag glacadh páirte i máirseáil ar son chearta sibhialta ar an 30 Eanáir 1972.

Dúirt John Kelly, ar maraíodh a dheartháir Michael an lá sin, go raibh 'díomá' air agus gur chuir an cinneadh mearbhall ar na teaghlaigh uilig.

'Measaimid gur masla don dlí atá sa chinneadh seo,' a dúirt sé, 'agus tuilleadh den éagóir a tharla ar Dhomhnach na Fola.'

'Cén fáth.' a d'fhiafraigh sé, 'a bhfuil cuimhne mhaith ag muintir Dhoire ar an méid a tharla an lá sin, ach nach cuimhin leis an reisimint pharaisiútach cé a bhí freagrach as daoine a mharú agus a ghortú?'

Dúirt Gerry Duddy, ar maraíodh a dheartháir John an lá sin, gur buille sa phus a bhí sa chinneadh, ach go leanfaidh siad go lá a mbáis don fheachtas ar son an chirt.

Dúirt an dlíodóir Ciarán Shiels, ar son na dteaghlach a ndéanann sé ionadaíocht orthu, go bhfuil siad míshásta faoin chinneadh, ach nach bhfuil breall ar bith curtha aige orthu.

John Kelly, ar maraíodh a dheartháir Michael Domhnach na Fola

Dúirt sé go ndéanfaidh an fhoireann dlí a machnamh faoin chinneadh agus nach gcuirfeadh siad as an áireamh tuilleadh imeachtaí dlí a thionscnamh faoi.

Dúirt feisire an SDLP as Doire, Colum Eastwood, gur lá deacair atá ann do na teaghlaigh, ach nach bhfuil an feachtas ar son an chirt thart go fóill. "Seasfaimid leis na teaghlaigh go dtí an deireadh", a dúirt sé,.