Tá socrú bainte amach san Ard-Chúirt ag 41 teaghlach a ghlac cás i gcoinne na naíolainne Hyde & Seek, mar gheall ar an tslí ar caitheadh lena leanaí. Faoin socrú, íocfar €15,000 le gach teaghlach. In iomlán, tá €615,000 le híoc leis an ngrúpa tuismitheoirí.
Baineadh an socrú amach i ndiaidh phróiséas éadrána, ach níor admhaigh Hyde & Seek go raibh aon locht orthu.
Glacadh na cásanna ar son na leanaí i gcoinne úinéirí na naíolainne, Anne agus Peter Davy agus a n-iníon, Siobhán. Dúirt an t-abhcóide sinsearach, John Gordon, ar son na dtuismitheoirí, nach bhféadfaí glacadh leis an tslí ar caitheadh lena leanaí; go raibh strus orthu i bhfianaise ar tharla dóibh agus go mbídís drogallach freastal ar an naíolann dá bharr.
Tháinig na cásanna seo chun cinn i ndiaidh don chlár RTÉ Investigates - Creches, Behind Closed Doors a bheith craolta i 2019. Cuireadh ceamaraí rúnda i gceithre naíolann de chuid na sraithe Hyde & Seek. Léirigh an t-ábhar a glacadh go raibh neamart á dhéanamh i gcúram na leanaí. Ba mhór an chonspóid a tarraingíodh i leith Hyde & Seek, i bhfianaise an chláir sin.
Dúirt an t-abhcóide Gordon go raibh na páistí ar dhírigh an clár orthu an óg ar fad; nach raibh siad in ann labhairt go fóill, fiú. I gcás cuid acu, bhí siad ag caitheamh suas le 50 uair sa tseachtain sa naíolann. Thug na tuismitheoirí faoi ndeara gur i ndiaidh do na leanaí freastal ar an naíolann, go raibh siad ag dul siar ar an dul chun cinn a bhí déanta acu. Thug siad fianaise go mbíodh ocras ar na leanaí ag teacht abhaile ón naíolann, de bharr caighdeán an bhia a bheith chomh holc ann.

Tugadh fianaise sa gcúirt freisin gur léirigh an clár go raibh róphlódú i gceist sna seomraí agus nach raibh an oiliúint a bhí curtha ar an bhfoireann sách maith.
Cheadaigh an Breitheamh Paul Coffey na híocaíochtaí.
Léirigh an clár a craoladh ar RTÉ i 2019 go leor lochtanna i mbainistiú Hyde & Seek. Ní dhearna na Gardaí grinnfhiosrúchán ar na hoibrithe, sular cuireadh iad i mbun oibre i measc leanaí. Níor choimeád siad taifid mar ba cheart agus sháraigh siad na cóimheasanna idir leanaí agus cúramóirí; d'fhágtaí scór leanbh faoi chúram oibrí amháin go minic. Cuireadh i leith na n-úinéirí freisin go gcaitheadh an fhoireann go garbh leis na leanaí.
Tá ceithre naíolann ar fud thuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath fós á reáchtáil ag Hyde & Seek, de réir an mhéid atá scríofa ar shuíomh idirlín an chomhlachta.