skip to main content

Tá gá le stuaim sa mheánoirthear, a deir ceannairí ar fud an domhain, i ndiaidh ionsaí a rinneadh ar an Iaráin aréir.

Tá airí gnóthaí eachtracha thíortha an G7 ag moladh "do na páirtithe ar fad" sa mheánoirthear oibriú lena chéile chun scaipeadh an fhoréigin a chosc
Tá airí gnóthaí eachtracha thíortha an G7 ag moladh "do na páirtithe ar fad" sa mheánoirthear oibriú lena chéile chun scaipeadh an fhoréigin a chosc

Tá airí gnóthaí eachtracha thíortha an G7 i ndiaidh a mholadh go láidir do na "páirtithe ar fad" oibriú lena chéile chun a chinntiú nach rachaidh an foréigean sa mheánoirthear in olcas, i ndiaidh an ionsaithe a thuairiscítear a rinneadh ar an Iaráin aréir. Cé nach bhfuil freagracht glactha ag Iosrael as an ionsaí, glactar leis gurbh iadsan a rinne é.

Tá airí gnóthaí eachtracha an G7 ag bualadh lena chéile ar Capri faoi láthair. Is oileán é sin amach ó chósta na hIodáile.

Dúirt an Tuirc freisin nár chóir d'Iosrael ná don Iaráin tuilleadh ionsaithe a dhéanamh ar a chéile. Ba chóir go ndíreofaí ar an ngéarchéim in Gaza, a thug aireacht gnóthaí eachtracha na Tuirce le fios. "Tá géarghá le stát Pailistíneach a bhunú", a dúirt siad.

Thug siad le fios freisin go bhfuil siadsan den bharúil gurbh é Iosrael a chuir leis an trodaíocht dhíreach seo in aghaidh na hIaráine, nuair a d'ionsaigh siad consulacht na hIaráine sa tSiria ag tús na míosa seo.

Deir Príomhaire na Breataine, Rishi Sunak, go bhfuil "gá le stuaim agus ciall sa mheánoirthear" i láthair na huaire.

Deir Príomhaire na Breataine, Rishi Sunak, go bhfuil "gá le stuaim agus ciall sa mheánoirthear"
i láthair na huaire.

Tá an tSín, an Ghearmáin agus an Éigipt ag moladh freisin go gcoinneoidh Iosrael agus an Iaráin an ghuaim orthu féin.

Tá tráchtairí polaitiúla sna Stáit Aontaithe ag rá go léiríonn an t-ionsaí seo de chuid Iosrael ar an Iaráin go bhfuil Príomhaire Netanyahu lán-sásta neamhaird a thabhairt ar an gcomhairle a chuireann Meirceá orthu. I ndiaidh don Iaráin ionsaí a dhéanamh ar Iosrael Dé Sathairn seo caite, mhol Uachtarán Biden Mheirceá d'Iosrael gan a thuilleadh ionsaithe a dhéanamh ar an Iaráin. Ach tá gach cosúlacht ar an scéal gur thug Iosrael neamhaird ar an moladh sin.