skip to main content

Níos mó seomraí agus tithe folmha d'Úcránaigh lorgtha ag Cumann na Croise Deirge in Éirinn

Tá Cumann na Croise Deirge in Éirinn ag iarraidh ar an bpobal arís machnamh a dhéanamh ar sheomra ina dtithe a thairiscint d'Úcránaigh
Tá Cumann na Croise Deirge in Éirinn ag iarraidh ar an bpobal arís machnamh a dhéanamh ar sheomra ina dtithe a thairiscint d'Úcránaigh

Tá Cumann na Croise Deirge in Éirinn ag iarraidh ar an bpobal arís machnamh a dhéanamh ar sheomra ina dtithe a thairiscint do mhuintir na hÚcráine, atá tagtha chun na tíre seo chun éalú ón gcogadh ina aghaidh na Rúise ina dtír féin.

Tá feachtas seolta acu, ar a dtugtar "Tithe Sabháilte".

Tá siad ag iarraidh freisin ar dhaoine a bhfuil teach folamh acu machnamh a dhéanamh ar theaghlach de chuid na hÚcráine a ghlacadh isteach ann.

Deir an cumann carthanachta go laghdóidh sé an brú ar an stát agus ar an earnáil chíosa má chuireann an pobal oiread agus is féidir "áiteanna sabháilte chun fanacht iontu" ar fáil d'Úcránaigh atá ag lorg dídine

Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá 25% de na hÚcránaigh sa tír seo atá ag fanacht i lóistín atá curtha ar fáil ag an bpobal faoi ghealltanas don bhfeidhm sin.

Deir an cumann carthanachta go laghdóidh sé an brú ar an stát agus ar an earnáil chíosa má chuireann an pobal oiread agus is féidir "áiteanna sabháilte chun fanacht iontu" ar fáil d'Úcránaigh atá ag lorg dídine

Tá lóistín curtha ar fáil do 10,842 Úcránach in 4,757 teach. Ach tá imní léirithe ag Cumann na Croise Deirge go mbeidh na hÚcránaigh a thiocfaidh chun na tíre san am atá romhainn fágtha gan dídean.

Tugadh isteach polasaí an mhí seo caite, faoina bhfuil teorainn ar líon na laethanta gur féidir le hÚcránaigh fanacht i lóistín a n-íocann an stát as. 90 lá saor in aisce a thugann an stát dóibh.

De réir taighde a rinneadh ar an gceist seo idir Samhain 2023 agus Feabhra 2024, deir 75% de na hÚcránaigh a bhí ag maireachtáil le teaghlach go raibh caidreamh an-mhaith acu lena n-óstaigh.

Thug 80% de na hÚcránaigh a ghlac páirt sa tsuirbhé le fios go raibh siad "sásta" nó "an-sásta" lena n-eispéireas ag fanacht i seomra nó i dteach folamh a cuireadh ar fáil dóibh.