Deir uachtarán Chumann Lúthchleas Gael Jarlath Burns go bhfuil sé "iontach neamhréalaíoch go ndéanfadh clubanna íobairt chomh mór is a bheith sásta a gcuid sraitheanna agus craobhacha a bheith eagraithe ionas go mbeadh na cluichí ceannais idirchontae réidh le himirt arís i dtús mhí Mheán an Fhómhair."
Deir uachtarán CLG go bhfuil an "séasúr scoilte" ag oibriú an-mhaith agus go bhfuil meas nach raibh cheana ar imreoir an chumainn áitiúil.
Agus é ar cuairt ar Choláiste Adhamhnáin i Leitir Ceanainn i gCo Dhún na nGall inniu mhínigh sé arís go mb'fhéidir go dtabharfaí ar ais an nós a bhíodh ann le fada cluichí ceannais idirchondae na hÉireann a imirt an 9ú mí den bhliain, ach go gcaithfeadh gach condae sa tír an múnla ceanna céanna a bheith acu dá gcuid comórtaisí craoibhe ag grád na gclubanna.
"Sin na híobairtí a bheadh orainn a dhéanamh - dul go dtí na condaetha agus na condaetha ar fad a bheith sásta a gcuid sraitheanna agus craobhacha a bheith eagraithe ar an bhonn a luaigh mé. Ní dóigh liom go bhfuil sin ag dul a tharlú. Tá sin iontach neamhréalaíoch, agus fiú dá ndeanfa é an bealach sin, ní dóigh liom go dtiocfadh leat an séasúr condae agus club a chur isteach sa chinéal sin plean do na cluichí."
D'fhreastail Jarlath Burns ar ócáid do cheannairí óga spóirt a d'eagraigh an idirbhliain i gColáiste Adhamhnáin. Chas sé le roinnt iarimreoirí de chuid Dhún na nGall, Rory Kavanagh agus Colm McFadden ina measc.
"I gcónaí nuair atá tú ag plé na rudaí seo, comhréiteach atá i gceist. Caidé atá tú sásta a ghéilleadh? Níl go leor seachtain ná laetha sa bhliain le gach rud a ba mhaith leat a dhéanamh. Is é an séasúr scoilte an comhréiteach is fearr atá againn go dtí seo agus go fóill, ma tá smaointe níos fearr chun é a dhéanamh bheadh daoine sásta glacadh leo. Ach seo athrú, agus chun seo a athrú, ghlacfadh sé dhá thrian de Chomhdháil chun é a athrú. Ní féidir le hUachtarán Chumann Lúthchleas Gael ach a dtuairim aonair a thabhairt."
Mí Iúil is léir a bheidh i gceist feasta do bhuaic-ócáidí na bliana sna cluichí gaelacha.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Ailbhe Ó Monacháin ar Nuacht TG4 ag 1900.