Tá fear 33 bliain d'aois de bhunú na hÚcráine ciontaithe i dtiomáint chontúirteach a ba chúis le bás an tráchtaire CLG Paudie Palmer.
Tá seoladh ag Bohdan Bezverkhyi i mBéal Átha an Cheasaigh i gCo Chorcaí.

Bhí sé séanta aige go raibh sé ag tiomáint go meargánta nuair a bhuail sé carr an Uas Palmer i nDún Céirín in Inis Eonáin i gCorcaigh, an 29ú Nollag 2022.
Ach tugadh fianaise sa gcúirt faoi theachtaireachtaí téacs a bhí seolta aige chuig a mháthair agus chuig cairde inar admhaigh sé go raibh carr dhuine éigin buailte aige, go raibh sé ar meisce agus go raibh sé tar éis teitheadh ón láthair.
Ní raibh an tUas Palmer ach 400 méadar óna theach cónaithe nuair a tharla an tubaiste.
Tugadh fianaise go ndeachaigh carr Bohdan Bezverkhyi thar chomhartha stad gan seasamh, díreach agus carr an Uas Palmer ag gabháil tríd an gcrosbhóthar, agus gur cuireadh carr an Uas Palmer den bhóthar agus suas ar bhruach, rud ba chúis lena bhás.
65 a bhí Paudie Palmer. Ciarraíoch as an Neidín a bhí ann ó dhúchas. Múinteoir scoile a bhí ann ar feadh 40 bliain i gColáiste Bhrógáin Naofa i gCo Chorcaí. Colúnaí a bhí ann freisin le nuachtán an Echo agus chaith sé blianta fada ina thráchtaire raidió i gCorcaigh ar chluichí peile agus iománaíochta.
Tugadh go hOspidéal na hOllscoile i gCorcaigh é tar éis na timpiste agus is ansiúd a bhásaigh sé an 8ú Eanáir 2023.
Maireann a bhean chéile Colette agus beirt iníon Claire agus Emily.
B’uncail é le Claudine Keane, bean chéile an imreora sacair le Éirinn Robbie Keane.
Breith d’aon ghuth a thug an giúiré seachtar ban agus cúigear fear tráthnóna i gCúirt Chuarda Chorcaí tar éis 6 uair a chloig i mbun machnaimh.
Gearrfar pionós ar Bohdan Bezverkhyi an 2ú Bealtaine.