skip to main content

Marú Neamhdhleathach - Breith giúiré faoi bhás 48 ógánach a chuaigh ag damhsa agus a maraíodh i dtine

Cailleadh beirt dheirfiúracha le Antoinette Keegan a tháinig ina beatha as an loscadh.
Cailleadh beirt dheirfiúracha le Antoinette Keegan a tháinig ina beatha as an loscadh.

"Ba mhaith liom a rá leis an ochtar agus dhá scór gur anois atá muid bhur dtabhairt amach as na lasracha, amach as dorchadas agus deatach an Stardust agus go dtabharfaidh muid ar ais sibh chuig gile na gréine, chuig an solas agus ceol, agus go bhfuil sibh ag teacht linn abhaile."

Sin mar a labhair Louise McDermott faoi William agus Marcella agus George McDermott agus na daoine óga ar fad a cailleadh in uafás an loscadh san gclub oíche.

"Ar son an 48 é an lá inniu" a dúirt muintir na marbh i gcoitinne agus iad i mbun mórshiúil chuig an nGairdín Cuimhneacháin an taobh ó thuaidh de Bhlea Cliath, a limistéir dúchais.

Bhásaigh máthair Samantha Mangan san tragóid. Bhí sise i láthair chuile lá beo den Choiste Cróinéara.

"Tá 43 bliain caite agam ag smaoineamh ar chéard a tharla do Mam an oíche sin ach tá cothrom na féinne faighte againn inniu di, an fhírinne, tá an fhírinne amuigh anois agus tá fhios ag chuile dhuine céard a tharla."

Ag labhairt a bhí siad agus breithiúnas tugtha ag Cúirt an Chróinéara gur marú neamhdhleathach a ba chúis le bás 48 ógánach i dtine an Stardust.

I ndiaidh na n-imeachtaí cúirte d'iarr Maurice Frazer, ar cailleadh a dheirfiúr Thelma, "leithscéal poiblí a mbeadh brí leis" ón Stát.

Dúirt sé freisin gur "clabhsúr é an lá inniu. Tá muid chomh buíoch don Chróinéir, don fhoireann atá aici agus don ghiúiré".

Agus an breithiúas á thabhairt tháinig na gártha molta ó theaghlaigh na ndaoine a maraíodh i dTubaiste an Stardust a bhí cruinnithe sa gCúirt a bhí ag suí i Seomra na bPiléar in Ospidéal an Rotunda i lár na hArdcathrach, ó thuaidh den Life.

Na daoine óga a chuaigh amach agus nár tháinig abhaile.

Bhí cuid de na gaolta a thug bualadh bos, cuid eile a d'fhan ina dtost agus na deora ag silleadh uathu.

Faoiseamh ar deireadh do na daoine atá ag fulaingt ó shin go gcuireann an breithiúnas nua ar neamhní an breithiúnas a thug Binse Fiosraithe Keane i 1982 "gur dóigh gur in aon turas a lasadh an tine."

Cuireadh ar neamhní ón taifead oifigiúil é i 2009 ach ghoill sé go trom fós ar na gaolta.

Cailleadh athair agus máthair Lisa Lawlor sa loscadh. "Lá stairiúil agus faoiseamh mór é an lá inniu" a deir sí tráthnóna.

Tá bualadh bos mór mílteach faighte sa gCúirt ag an ngiúiré tar éis don Chróinéir a rá gurbh iad atá tar éis breithiúnas a thabhairt sa gcás cróinéara is faide a bhí ann ó bunaíodh an Stát.

Chuala siad fianaise a bhí an-dian, an-deacair a dúirt an Dr Myra Cullinane.

Mhol sí na daoine muinteartha ar fad freisin. Tá siad fós ag caoineadh a gcuid daoine óga a dúirt sí. Marach sibhse na gaolta a dúirt sí, ní bheadh cúirt cróinéara curtha an athuair ar na daoine a bhásaigh san Stardust.

Pauline Braymer, Antoinette Keegan agus Mary Coleman - triúr de na gaolta tagtha ag an gCúirt faoin Stardust. Tháinig Antoinette ina beatha as an tubaiste ach bhásaigh a deirfiúracha Mary agus Martina.
Muintir Lawless

Bhí gach suíochán tógtha ó mhaidin agus cuid de na foirne dlí tar éis a n-áit suite a thabhairt do dhaoine muinteartha leis an 48 a d'éag go tragóideach san loscadh sa gclub oíche 43 bliain ó shin.

Bhí Brigid McDermott ina suí chun tosaigh sa gcúirt.

Cailleadh triúr clainne le Brighid sa tine - Georgie a bhí 18, Marcella a bhí 16 agus William a bhí 22.

D'éirigh le William éalú as an Stardust ach a chuaigh sé ar ais arís nuair a thuig sé go raibh an bheirt eile fós sainnithe istigh.

Phyllis agus Maurice McHugh ar maraíodh iníon leo, Caroline

Ag a 2 a chlog tráthnóna a tosaíodh ag léamh amach ainm gach duine den 48, chomh maith le cion tsiocair a mbás agus áit a mbás in ord aibítire.

Ina dhiaidh sin a tugadh breithiúnas ar a mbás, an breithiúnas céanna ar gach duine de na mairbh.

Thug an giúiré breithiúnas gur sa gcófra te sa bpríomh-bheár a thosaigh an tine agus gur fabht leictreach a ba chúis leis.

Thug siad breithiúnas freisin gur chuir na tíl chairpéid a bhí ar na ballaí sodar faoi scaipeadh na tine.

Ba é a mbreith go raibh na bealaí amach as bálseomra an chlub faoi ghlas, faoi shlabhra nó bac eile curtha orthu.

Ansin a tháinig an breithiúnas gur marú neamhdhleathach a tharla.

Dúirt an giúiré inné go raibh móramh díobh tagtha ar bhreith faoi bhás an ocht nduine is dhá scór agus dúirt an Cróinéir go nglacfadh sí leis an mbreithiúnas tromlaigh sin.

Tá clabhsúr curtha anois ar 122 lá d’fhianaise a cloiseadh sa gcúirt ó 370 finné.

Tugadh faoin gcúirt nua cróinéara mí an Aibreáin anuraidh de bharr treoir ón ArdAighne go raibh an chúirt a bhí ann i 1982 easnamhach, rud a bhí ráite leis na scórtha bliain ag feachtas ghaolta na marbh.

Bhásaigh an 48 i loscadh a scrios club oíche an Stardust oíche Lá’il Vailintín 1981 in Ard Aighin i dtuaisceart Átha Cliath.

Idir 16 agus 27 bliain d'aois a bhí na daoine go léir a cuireadh den tsaol.

Bhí sé ráite leis an ngiúiré go raibh 5 bhreith a d’fhéadfadh siad a thabhairt: bás de bharr tionóisc, bás de bharr míthapa, marú neamhdhleathach, breith oscailte agus breith inste.

Thug an Príomhghiúiróir le fios don chróinéir an Dr Cullinane inné nach raibh an seachtar ban agus cúigear fear in ann a theacht ar bhreith ar aon ghuth.

36 uair a chloig a chaith siad i mbun macnaimh sular tugadh le fios tráthnóna inné go raibh siad tagtha ar bhreith tromlaigh.

Socraíodh gur inniu a d’fhógrófaí na breithiúnais le deis a thabhairt do dhaoine muinteartha agus daoine eile a bheith i láthair nó a bheith in ann breathnú arlíne.