skip to main content

Fear cúisithe le dúnmharú Thomas Dooley i Reilig na Rátha i dTrá Lí i 2022

Maraíodh Thomas Dooley (43) agus é féin agus a bhean ar shochraid i gCiarraí.
Maraíodh Thomas Dooley (43) agus é féin agus a bhean ar shochraid i gCiarraí.

Tá fear 42 bliain d'aois cúisithe le dúnmharú Thomas Dooley i Reilig na Rátha i dTrá Lí i gCiarraí mí Dheireadh Fómhair 2022.

Cúisíodh Daniel Dooley, as Páirc Uí Chonghaile i dTrá Lí, le dúnmharú an fhir a raibh seachtar clainne air.

Daniel Dooley, an 6ú duine atá cúisithe le Thomas Dooley a mharú.

Tugadh Daniel Dooley os comhair Chúirt Dúiche Lios Tuathail ar maidin agus cuireadh siar faoi choinneáil é.

Is é an 6ú duine atá cúisithe le dúmharú sa gcás.

hIonsaíodh Thomas Dooley agus a bhean chéile Siobhán agus iad ar shochraid chara leo sa reilig an 5ú Deireadh Fómhair arú anuraidh.

Gortaíodh Siobhán Dooley go dona. Bhásaigh a fear ar an láthair.

43 bliain d’aois a bhí sé. Bhí cónaí air ar Chéide na Collchoille i gCill Airne.

Thug an Bleachtaire John Gilmartin le fios sa gcúirt gur ghabh sé Daniel Dooley ag a 7 a chlog ar maidin i gCathair Chorcaí.

Nuair a cúisíodh é dúirt an Garda Gilmartin go dhúirt Daniel Dooley "Níor chóir dhom a bheith anseo. Fear neamhchiontach mé."

D’inis a dhlíodóir Patrick Mann don chúirt gur baintreach é Daniel Dooley agus go bhfuil sé ar liúntas míchumais.

Bronnadh cúnamh dlí in aisce air agus cuireadh siar faoi choinneáil é agus é le tabhairt os comhair cúirte arís Dé Céadaoin.