Tá Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána (an GRA) ag cur i leith an Aire Dlí is Cirt nach bhfuil aon tuiscint aici ar na deacrachtaí móra atá ag gnáthbhaill sna Gardaí.
Tá an tAire Helen McEntee tar éis fógairt nach mbeidh sí i láthair ag comhdháil bhliantúil Chumann na nGardaí mar nach bhfuil cuireadh faigthe ann ag an gCoimisinéir Drew Harris.
Deir an tAire gur iarr sí ar an GRA a ghabháil siar ar an gcinneadh gan fáilte a chur roimh an gCoimisinéir, ach nach bhfuil siad sásta é sin a dhéanamh, mar sin nach mbeadh sé "cuí" di féin a bheith ann mar go mbeadh sé ag baint an bhonn ó oifig Choimisinéir na nGardaí.
Tá litir seolta ag an Aire chuig an gCumann a dhéanann ionadaíocht ar bhreis is 11,000 ball ag míniú dóibh cén t-údar nach mbeidh sí ag an gComhdháil.
Tá "fíor-dhíomá" ar an GRA faoin seasamh sin a deir siad, a léiríonn ró-mhuintearas agus tacaíocht don Choimisinéir.
Deir siad go bhfágann cinneadh an Aire "doiléire san dealú a ba chóir a bheith idir Tithe an Oireachtais agus ard-bhainistíocht na nGardaí.
"Bunchloch in aon daonlathas é" a deir an Cumann "neamhspleáchas agus dlisteanacht póilíneachta a chinntiú."
Deir Uachtarán an GRA Brendan O'Connor agus an tArdRúnaí Rónán Slevin "nach bhfuil ciall ar bith leis an gcinneadh atá déanta ag an Aire an príomh-ardán do na ceisteanna is práinne atá ag cur as do Ghardaí ar an líne thosaigh a sheachaint, go háirid nuair nach bhfuil sé ach coicís ó dúirt an Taoiseach nua go mbeadh 'riail agus reacht’ ar cheann de na príomhchúraimí a bheidh air."

Deir Brendan O’Connor go bhfuil "ceist phearsanta déanta as ag an Aire mar go bhfuil sí ag tabhairt le fios nach mbeidh sí ag an gComhdháil gan gaol níos fearr a bheith idir muide san GRA agus an Coimisinéir".
Dé Máirt seo chugainn i gCathair na Mart a bheidh Comhdháil Bhliantúil na nGardaí.
Níor tharla sé cheana riamh nár tugadh cuireadh don Choimisinéir a bheith i láthair.
Dhá mhí ó shin d’fhógair an GRA nach mbeadh fáilte roimh an gCoimisinéir mar go bhfuil "atmaisféar uileghabhálach eagla cothaithe ag Drew Harris agus cur-chuige ródhíograiseach ó thaobh disiplíne agus maoirseachta."
Ní bheadh aon seasamh ag cinnirí an GRA a deir siad dá mbeadh deis bronnta acu ar an gCoimisinéir teachtaireacht bainistíochta a bhrú ar an gComhdháil, i bhfianaise an vóta mímhuiníne sa bhFómhar inar léirigh 98% de na baill a chaith vóta nach bhfuil aon mhuinín acu ann.