Ar a dó a chlog inniu i gCúirt Chróinéara Cheantar Bhaile Átha Cliath a chloisfidh teaghlaigh na 48 nduine a bhásaigh i tine an Stardust, fíoraisc an ghiúiré.
Dúirt an giúiré inné gur tháinig siad ar fhíoraisc thomlaigh faoi bhás an ocht nduine is dhá scór.
Cuirfidh sin clabhsúr leis an bpróiséas fada ionchuisne a thosaigh bliain go ham seo.
100 lá a bhí na himeachtaí ar bun in ospidéal an Rotunda i lár na hardchathrach, agus a tionscnaíodh de bhunn fheachtas leanúnach na ngaolta.
Breis agus 300 duine a thug fianaise faoin tragóid a tharla go luath Lá 'le Vailiintín 1981 nuair a réab tine tríd an gclub oíche in Ard Aidhin i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.
Ina measc sin bhí iarbhaill foirne an chlub óiche, lucht na seirbísí éigeandála, saineolaithe agus daoine a tháinig slán ón loscadh.
Idir 16 agus 27 a bhí gach duine a cailleadh an oíche sin.
Dúradh leis an ngiúiré cheana go raibh cúíg fhíorasc ar fáil dóíbh: bás tionóisceach, bás de bharr míthapa, marú neamhdhleathach, fíorasc oscailte agus fíorasc inste.
Tháinig sé chun solais inné go ndúirt an príomhghiúróir leis an gcróinéar Myra Culliane nár fhéad an seachtar ban agus cúigear fear teacht ar fhíórasc d'aon ghuth.
Is é a dúirt an cróinéar go nglacfadh sí le tromlach simplí de sheachtar, agus cúig nóiméad déag níos deireanaí thangthas ar ais leis an gcinneadh faoi na fíoraisc tromlaigh.
Socraíodh go mbeadh na fíóraisc á bhfógairt inniu le go mbeadh deis ag gaolta agus daoine eile ábhartha socruithe a dhéánamh le bheith i láthair nó bheith ag faire ar-líne.