skip to main content

Tubaiste Stardust: fíoraisc le tabhairt ag giúiré 'go gairid'

I seomra cúirte ar champas Ospidéal an Rotunda i mBaile Átha Cliath atá an t-ionchoisne ar siúl
I seomra cúirte ar champas Ospidéal an Rotunda i mBaile Átha Cliath atá an t-ionchoisne ar siúl

Tá sé tugtha le fios an bpríomhghiúróir ag an gcoiste cróinéara faoi thubaiste an Stardust gur gearr go dtabharfaidh an giúiré a bhfíoraisc.

Tá fíoraisc le tabhairt ag an ngiúiré i gcás gach duine den 48 duine óg a maraíodh sa loscadh mór i gclub oíche an Stardust in Ard Aidhin i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath i 1981.

Seo an deichiú lá ag na giúróirí na ceisteanna éagsúla a mheá ó tháinig deireadh le héisteacht na fianaise.

Seachtar ban agus cúigear fear atá ar an ngiúiré agus chuaigh siad i mbun a marana ar an gcás ar an 3 Aibreán.

Sna treoracha a thug sí do na giúróirí, dúirt an cróinéir an Dr Myra Cullinane go raibh rogha de chúig fhíorasc acu, mar atá, bás tionóisceach, bás de bharr míthapa, marú neamhdhleathach, fíorasc oscailte nó fíorasc tuairisciúil.

Áirítear thart ar 36 uair a chloig a bheith caite ag an ngiúiré ag criathrú an scéil go dtí seo.

Bliain go ham seo a bunaíodh an coiste cróinéara agus thug os cionn 300 duine fianaise aige idir dhá linn.

I seomra cúirte ar champas Ospidéal an Rotunda i mBaile Átha Cliath atá an t-ionchoisne ar siúl.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ