skip to main content

An teannas ag treisiú sa Mheánoirthear

An tUachtarán Joe Biden chun seasamh le Iosrael
An tUachtarán Joe Biden chun seasamh le Iosrael

Deir Uachtarán na Stát Aontaithe,Joe Biden go gcreideann sé go n-ionsóidh an Iaráin Iosrael go rí-ghairid cé gur chuir sé fainic ar Rialtas na hIaráine gan dul chun cinn leis.

Thug an tUasal Biden le fios go dtabharfaidh Meiriceá chuile chosaint d'Iosrael sa chás is go dtarlaíonn ionsaí.

Bhí an tUachtarán Biden ag tabhairt preasagallaimh do thuairisceoirí nuachta sa Teach Bán i Washington.

Tá bagairt láidir tagtha ón Iaráin ón am ar mharaigh ionsaí de chuid aerfhórsa Iosrael an tseachtain seo caite oifigigh míleata leis an Iaráin i bpríomhchathair na Liobáine,Damascus.

Deir Áisíneacht Nuachta na h-Iaráine inniu go bhfuil long lastais gafa ag a bhFórsaí amach ó chósta Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.

Deir an Iaráin go bhfuil ceangal ag an long le Iosrael agus go bhfuiltear á haistriú anois go
huiscí na hIaráine.

Tá teannas mór sa réigiún anois a bhuíochas den chogadh i Gaza agus an choimhlint leis an Iaráin atá ag treisiu i gcónaí is léir.

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha anseo ag moladh do dhaoine gan taisteal go Iosrael mura bhfuil fíor-phráinn leis, agus gan an Liobáin ná an Iaráin a thaobhú ach oiread.

Tá rabhadh tugtha ag rialtais na Fraince, na Polainne, na hIndia agus na Rúise dá gcuid saoránach gan taisteal chuig an Mheánoirthear.