Cor cinniúnach is ea comhaontú nua an Aontais Eorpaigh maidir le cúrsaí inimirce, dar leis an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee.
I bParlaimint na hEorpa inné, glacadh le reachtaíocht nua faoina mbeidh sé níos éasca ag ballstáit teorainn a chur le líon na n-imirceach a ligtear isteach san Aontas Eorpach.
Ina cheann sin, féadfaidh ballstáit nach bhfuil ag iarraidh glacadh le hiarrthóirí tearmainn síntiús airgid a thabhairt do thír eile chun glacadh leo.
Beidh na dlíthe céanna i bhfeidhm i ngach uile bhallstát agus ag labhairt di ar RTÉ ar maidin inniu dúirt an tAire Entee go bhfágfaidh sin nach gcaithfidh Éire dul i ngleic leis an gceist aisti féin.
Is mór an gar, arsa sí, go bpróiseálfar iarratais ar thearmann níos luaithe agus go bhféadfar daoine a dhíbirt as an tír níos luaithe.
Os a choinne sin, áfach, tá an reachtaíocht cáinte ag roinnt eagraíochtaí carthanachta a deir go mbeidh sé i bhfad níos deacra ar iarrthóirí tearmainn cosaint a fháil.
De réir an chomhaontaithe nua, ní mór don Rialtas reachtaíocht úr a thabhairt isteach as seo go ceann dhá bhliain le teacht in áit an Achta um Chosaint Idirnáisiúnta a bhfuil feidhm leis ó 2015.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ