Tá sé ráite ag an Aire Tithíochta Daragh O'Brien go bhfoilseofar dréacht de na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht as seo go ceann coicíse.
Dúradh le Coiste Oireachtais inniu go bhfuil géarchéim tithíochta sa Ghaeltacht agus go bhfuil glúin óg de bhunadh na Gaeltachta ar mhaith leo clann a thógáil sa bhaile i gcontúirt an ceantar a fhágáil de bharr nach bhfuil siad in ann cead pleanála a fháil.
Léiriú ar an ghéarchéim tithiochta sa Ghaeltacht, a dúirt an eagraíocht Bánú le Coiste Gaeilge, Gaeltachta agus Lucht labhartha na Gaeilge inniu an suirbhé a rinne siad féin le fíor ghairid i nGaeltacht na Gaillimhe.
Thug Adhna Ní Bhraonáin le fios gur léirigh an cuardach a rinne an eagraíocht ar sholáthar tithe ar cíos idir Bearna agus Carna i mí Eanáir na bliana seo nach raibh ach 4 theach ar fáil le ligean ar cíos go fadtéarmach. "As an 201 teach a bhí le ligean ar cíos idir Bearna agus Carna, bhí 197 acu sin á ligean amach ar AirBnB," a dúirt sí.
Ábhar dóchais do Adhna Ní Bhraonáin agus do bhaill eile Bánú, go bhfuil cuid mhaith de aos óg na Gaeltachta sásta socrú síos sa Ghaeltacht, clann a thógáil inti agus na pobail Ghaeltachta as ar fáisceadh iad a dhaingniú agus a neartú, ach dúirt sí go mbíonn orthu an ceantar a fhágáil nuair nach mbíonn áit chónaí ar fáil go h-áitiúil, ar cíos ná le ceannach.
Dúirt sí gurb é neamhghníomh an Stáit ar cheist na tithíochta an namhaid is mó atá ag an Ghaeilge mar theanga pobail sa Ghaeltacht. "...an clog ag ticeáil agus easpa gnímh na n-údarás Stáit bliain i ndiaidh bliana ar cheist na tithíochta."

"Tá an chéad ghlúin eile tuismitheoirí á brú amach as na ceantair Ghaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge in uachtar."
Tá Bánú ag iarraidh go gcuirfeadh an Rialtas maoiniú ar fáíl do Údarás na Gaeltacht le tithe a sholáthar do chainteoirí Gaeilge.
Tá sé molta ag an Aire Tithíochta Daragh O'Brien go ndéanfadh an tÚdarás iarratas ar stádas mar Comhlacht Ceadaithe Tithíochta le go mbeadh siad i dteideal foinsí airgid Stáít le tithíocht inacmhainne a chur ar fáil.
Dúirt Donncha Ó hÉallaithe ó Bhánú leis an Choiste Oireachtais inniu go raibh plé fada acu le hÚdarás na Gaeltachta agus go bhfuil an tÚdarás den tuairim faoi láthair gurbh fhearr dá gcuirfeadh siad na tailte atá acu a bheadh oiriúnach do thithíocht, ar fáil do údaráis áitiúla.
"Ach ba mhaith linn go mbeadh níos mó smachta ag an Údarás ar an soláthar tithíochta."
Dúírt sé go bhfuil dualgas cruthú fostaíochta ar an Údarás ach nach é sin an t-aon chúram atá orthu.

Riachtanas tithíochta
Dúirt Donncha Ó hÉallaithe leis an Choiste go dtugtar le fios i bplean Forbartha na Gaillimhe nár cheart go dtabharfaí cead pleanála do dhaoine idir an Spidéal agus An Cheathrú Rua gan riachtanas tithiochta de bhrí nach bhfuil sráidbhaile ar bith sa cheantar agus gur ceantar tuaithe atá ann de réir a sainmhínithe pleanála a chaithfear a chaomhnú.
"Céard é an riachtanas tithíochta murb é sin duine i ndeireadh na bhfichidí a bhfuil post aige sa Ghaeltacht, ar cainteoir dúchais é atá ina chónaí sa mbaile lena thuismitheoirí ach atá ag iarraidh cead pleanála a fháil ar thalamh a muintire lena chlann a thógáil sa nGaeltacht - agus deireann an Comhairle Contae leo nach bhfuil riachtanas tithíochta acu!"
"Níl sé ceart go n-abródh an Comhairle Contae le daoine go gcaithfidh siad cónaí lena dtuismitheoirí nó bogadh amach as an gceantar."
"Tá cruthú fostaíochta ann le daoine a choinneáil sa nGaeltacht, ach ní aon mhaith fostaíocht a chruthú mura bhfuil siad in ann fanacht ina gcónaí sa nGaeltacht," a dúirt sé.

Coinníoll teanga V sólathar títhíochta
D'fhiafraigh an Seanadóir Seán Kyne den toscaireacht an gcreideann siad go bhfuil na coinníollacha teanga a leagann an tÚdarás Áitiúil ar scéimeanna tithíochta ag dul chun leasa cainteoirí Gaeilge ar mian leo teach a cheannacht in eastát.
Dúirt an Seanadóir Kyne gur cabhair íad na coinníollacha teanga ach nach bhfuil dóthain soláthair in aon áit.
Dúirt Maitiú de Hál gurb í a thaithíse ar an cheist ó bheith ina chónaí in eastát tithíochta sa Ghaeltacht, nach mbíonn rath ar an choinníoll teanga "nuair a chuirtear riachtanas teanga i gcomórtas le riachtanas tithíochta. Tá flúirse soláthair de dhith ionas go mbeimis in ann na rialacha sin a thabhairt isteach," a dúirt sé.
Mhínigh sé gur ar chumas teanga agus nósmhaireacht teanga an tí atá an t-agallamh bunaithe. "Ní dhéantar aon seiceáil ar sheachadadh na teanga chuig an chéad ghlúin eile nuair a thugtar cead duit an teach a cheannacht."
Dúirt sé nach leor na srianta teanga gan an soláthar tithe a bheith taobh thiar de.
"Tá praghas na dithe thar an iomlán ard - an chuid is mó de phobal Chois Fharraige, ní bheidh siad in acmhainn acu, fiú má tá Gaeilge acu cuid mhaith de na tithe sin a cheannacht."
Trionóid dualgais ar Údarás na Gaeltachta
Dúirt an Teachta Neamhspleách Catherine Connolly go bhfuil a lán cumhachtaí ag an Údarás ach nach bhfuil iad ag baint leasa as na cumhachtaí sin.
"Tá trionóid dualgais ar an Údarás - pobal, teanga agus fostaíocht - agus níl aon cheann acu níos airde ná a chéile, ach dhírigh siad ar chúrsaí fostaíochta seachas ar an trí rud, beagán ar an bpobal ach níor dhírigh siad ar chúrsaí tithíochta," a dúirt sí.

Dúirt an Teachta Connolly fiú mura bhfuil cumhacht ag an Údarás go bhfuil glór acu agus deis acu aighneacht a chur isteach faoi na tithe atá á dtógáil sna ceantair Ghaeltachta uilig.
"Ón méid atá cloiste againn, níl sin déanta acu. Cé go bhfuil ardmholadh agam don Údarás i réimsí eile, níor bhain siad leas as an gcumhacht atá acu ó thaobh cúrsaí tithíochta de."
"Is maith an rud go bhfuil foirgnimh agus suíomhanna ag an Údarás ach b'fhéidir nach bhfuil siad go léir feiliúnach do thithe, ach ní féidir a bheith sásta go bhfuil an méid sin talaimh acu agus nach bhfuil tada á dhéanamh acu leis."
"Ní leor gur tithe inacmhainne amháin a bheadh i gceist ag an Údarás sa scéim píolótach atá acu - tá gá le réimse leathan tithíochta má tá muid i ndairíre faoi bheocht a choinneáil sa Ghaeltacht."
Cumhachtaí reachtúla gan feidhmiú
Dúirt Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil cumhachtaí ag roinnt mhaith forais leis an fhadhb a réiteach ach "nach bhfuil an teacht le chéile ann, níl siad ag obair as lámha a chéile."
Tá Bánú ag iarraidh go mbainfeadh Roinn na Gaeltachta leas as foráil sa dlí a cheadaíonn deontais le teach a thógáil nó a chóiriú sa Ghaeltacht.
De réir mhír a 9 d'Acht na dTithe Gaeltachta 2001, tá cead ag Aire na Gaeltachta scéimeanna a bhunú le deontais a sholáthar do dhaoine le cabhrú leis an chostas a bhaineann le teach a thógáil sa Ghaeltacht nó a fheabhsú, "sa chás gur deimhin leis an Aire nach rachadh áitiú an tí sin chun aimhleasa úsáid na Gaeilge sa limistéar Gaeltachta sin.
Dúirt Donncha Ó hÉallaithe nach bhfuil an Roinn ag baint leasa as an chuid seo den Acht.
"Má tá muid ag iarraidh réiteach a fháil ar an bhfadhb tithíochta sa tír seo, agus an Taoiseach nua san áireamh, tá sé tábhachtach gach cumhacht atá againn sa reachtaíocht a úsáid le sin a dhéanamh. Tá sé aisteach nach mbeadh an chumhacht atá ag Roinn na Gaeltachta faoin Acht Tithe Gaeltachta á úsáid anois thar aon am eile nuair atá géarchéím tithíochta sa tír ar fad agus sa nGaeltachta."
Dúirt an Seanadóir Sean Kyne nach bhféadfar eastát nua títhíochta a thógáil ar thalamh de chuid an Údaráis ar an Cheathrú Rua, mura n-athróidh Comhairle Chontae na Gaillimhe a rialacha maidir leis an chóras séarachais ar an mbaile.
Treoirlínte Pleanála don Ghaeltacht
Dúírt an Teachta Eamon Ó Cuív leis an choiste go dtug an tAire Daragh O'Brien le fios dó inniu go bhfoilseofar na dréacht threoirlínte pleanála don Ghaeltacht as seo go ceann coicíse. Gheall an tAire O'Brien roimhe seo go bhfoilseofaí iad roimh an Cháisc.
Dúirt an Teachta Ó Cuív go mbeidh na treoirlínte sonrach do gach ceantar Gaeltachta seachas aon treoir amháin. Beidh teoirlínte ar leith ann do na h-oileáin chomh maith, a dúirt sé.