Tá sé ráite ag Ambasadóir na Palaistíne in Éirinn an Dr Jilan Wahba Abdalmajid gur chóir an Phalaistín a bheith aitheanta go hoifigiúil mar stát ag Éirinn roimhe seo.
Ag trácht a bhí sí ar rá an Aire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Micheál Martin, i nDáil Éireann inné maidir leis an gceist.
Thug an Tánaiste le fios go raibh rún ag an Rialtas an Phalaistín a aithint go foirmiúil go luath.
Dúirt sé go raibh comh-fhorógra aitheantais á dhréachtú aige féin agus ag polaiteoirí ó thíortha eile faoi láthair agus go raibh an dréacht le cur faoi bhráid an Rialtais aige go gairid.
Ag labhairt di ar RTÉ ar maidin inniu, dúirt an Dr Wahba Abdalmajid cé gur dea-scéal a bhí sa mhéid a dúirt an Tánaiste gur cheart aitheantas a bheith tugtha ag Éirinn don Phalaistín roimhe seo.
Dúirt sí freisin go raibh súil aici gur ceannródaí a bheadh sa tír seo agus go leanfadh tíortha eile san Eoraip a lorg.
Ní cúnamh i ndáiríre a bheadh in aitheantas oifigiúil don Phalaistín, arsa sí, ós buncheart a bhfuil Palaistínigh ina theideal atá ann.
Maidir leis an sléacht a rinne Hamas i ndeisceart Iosrael an fómhar seo caite, dúirt an Dr Wahba Abdalmajid nach as neamhní a rinneadh é agus gurb é an leatrom atáthar a dhéanamh ar Phalaistínigh ba chionsiocair leis.
Mairfidh an choimhlint a fhad is a mhairfeas an leatrom agus beidh an tslándáil idirnáisiúnta i gcontúirt go seasta dá bharr sin, arsa sí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ