skip to main content

'Neamhshuim as cuimse á déanamh de shábháilteacht ar bhóithre'

"Taifeadadh thart ar 2,600 duine ag tiomáint go róghasta i gcaitheamh na Cásca"
"Taifeadadh thart ar 2,600 duine ag tiomáint go róghasta i gcaitheamh na Cásca"

Tá an líon daoine atá ag déanamh neamhshuim de na rialacha sábháilteachta ar bhóithre imithe thar cailc ar fad, dar le cathaoirleach an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre Liz O'Donnell.

Is iad na rialacha maidir le luas, fóin phóca agus tiomáint faoi thionchar an óil na trí cinn is mó atá á sárú, arsa Liz O'Donnell.

I gcaitheamh na Cásca, go deimhin, taifeadadh thart ar 2,600 duine ag tiomáint go róghasta, a dúirt sí.

Is le linn na paindéime a thosaigh an scéal ag dul in olcas agus níl imní ar dhaoine níos mó go mbéarfar orthu, go háirithe le dhá bhliain, dar léi.

Ag labhairt di ar RTÉ, d'iarr Liz O'Donnell pionóis níos déine a ghearradh ar dhaoine a sháraíonn na rialacha go bhféachfaí leis an bhfadhb a réiteach.

D'iarr sí freisin tuilleadh ceamaraí meánluais a fheistiú in áiteanna éagsúla ar fud na tíre gan mhoill.

Faoi láthair, níl ach dhá cheamara meánluais ann le haghaidh 200,000 ciliméadar bóthair, a dúirt sí.

Murab ionann agus gnáthcheamara luais, tomhaiseann ceamara meánluais meánluas feithicle idir dhá ionad.

Ghlac Liz O'Donnell leis go bhfuil ceamaraí meánluais costasach ach dúirt nach dada é i gcomhthéacs líon na ndaoine atá á marú i dtimpistí bóthair sa Stát.

Tá 61 duine maraithe i dtimpistí bóthair ó thús na bliana, le hais 48 sa tréimhse chéanna anuraidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ