skip to main content

Thomas Byrne ó Fhianna Fáil ceaptha mar Aire Stáit na Gaeltachta

Airí Stáit nua na Gaeltachta, Thomas Byrne
Airí Stáit nua na Gaeltachta, Thomas Byrne

Tá an Teachta Dála Thomas Byrne ó Fhianna Fáil ceaptha mar Aire Stáit na Gaeltachta in áit Patrick O'Donovan ó Fhine Gael a ceapadh mar Aire Breisoideachais agus Ardoideachais inné.

Tá Thomas Byrne ina Aire Stáit cheana féin agus freagracht air as gnóthaí spóirt.

Tá ardú céime tugtha ag an Taoiseach nuathofa Simon Harris do thriúr Teachtaí Dála eile ó Fhine Gael.

Tá cathaoirleach Fhine Gael Alan Dillon as Maigh Eo ceaptha mar Aire Stáit Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus tá an té a bhí sa phost sin roimhe Kieran O'Donnell freagrach anois as Oifig na nOibreacha Poiblí.

Tá an Baile Átha Cliathach Emer Higgins ceaptha ina hAire Stáit sa Roinn Fiontar in áit Neale Richmond atá ceaptha ina Aire Stáit sa Roinn Airgeadais.

Tá Colm Burke as Corcaigh ceaptha ina Aire Stáit sa Roinn Sláinte agus is é a bheas freagrach as gnóthaí sláinte poiblí agus straitéise drugaí.

Inné, chomh maith leis an ardú céime a thug sé do Patrick O'Donovan, cheap Simon Harris Peter Burke as an Muileann gCearr mar Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.

Ina cheann sin, cheap sé Jennifer Caroll MacNeill as Dún Laoghaire mar Aire Stáit a mbeidh freagracht speisialta uirthi i leith gnóthaí Eorpacha agus mar Aire Stáit sa Roinn Cosanta.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ