skip to main content

Leithscéal gafa ag Aerfort Átha Cliath le Réaltán Ní Leannáin

Réaltán Ní Leannáin
Réaltán Ní Leannáin

Tá leithscéal gafa ag Aerfort Bhaile Átha Cliath le bean a bhfuil próistéis brollaigh aici faoi chuardach slándála a rinneadh uirthi go poiblí an mhí seo caite.

Dúirt údaráis an aerfoirt go raibh díomá orthu nár chuir bean slándála in iúl don phaisinéir – an t-údar Gaeilge Réaltán Ní Leannáin – go raibh sí i dteideal an cuardach a dhéanamh uirthi i seomra príobhaideach.

I ráiteas agus i bhfreagra a chuir siad chuig Réaltán, ghabh lucht an aerfoirt leithscéal léi agus dhearbhaigh go bhfuil rialacha ann maidir le cuardach le láimh a dhéanamh ar phaisinéirí.

Tá cead ag paisinéirí an cuardach le láimh a dhéanamh orthu in áit phríobháideach, a dúradh sa ráiteas.

Thug lucht an aerfoirt le fios gurbh oth leo nár cuireadh é sin in iúl do Réaltán sula ndeachaigh sí ar an eitleán agus nár láimhseáileadh an scéal níb fhearr.

Dúirt siad fosta go raibh an scéal pléite acu leis an bhean slándála a bhí i gceist.

I bhfianaise leithscéal a bheith gafa ag an aerfort, dúirt Réaltán le Nuacht RTÉ gur gá anois fógraí soiléire a chur in airde faoi chearta paisinéirí a bhfuil feistí leighis acu.

Dúirt sí gur mhaith léi go gcuirfí i bhfeidhm prótacal soiléir maidir le coprchuardach ag an aerfort feasta.

Tá próistéis brollaigh ag Réaltán ó cuireadh maisteachtóime uirthi cúig bliana déag ó shin agus dúirt sí gur ghoill ar tharla di san aerfort, gur ghoill sé go mór uirthi.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ