Nochtadh leacht ag uaigh an tsufraigéid Margaret "Meg" Knight Connery ag Reilg Choncán Iaróm i gCrois Araild i mBaile Átha Cliath inniu.
Is iomaí Éireannach a sheas an fód go láidir ar son chearta na mban san aois atá caite, a mairfidh a gcuimhne go deo na ndeor; leithéidí Maud Gonne, Hanna Sheehy Skeffington agus Constance Markievicz.
Ach ag an am ba shufraigéid cáiliúil eile í Meg Knight Connery, go raibh an baol ann fúithí go gcaillfí a hainm in imeacht na haimsire. B'as Cathair na Mart di.
Bhí sí beo bocht ag deireadh a saoil. Ní raibh leanaí aici agus d'imigh a deartháireacha agus deirfiúracha go Meirceá. Cuireadh Meg agus a fear céile, Con, in uaigh gan leacht i Reilg Chnoncán Iaróm i gCrois Araild sna caogaidí.
Ach inniu, bhí a hainm in airde arís. Tháinig a garneachtanna agus garnianna tagtha le chéile ó Mheirceá i gCnoncán Iaróm chun leacht a nochtadh ag a huaigh. Bhí an t-airgead bailithe ag Coiste Cuimhneacháin Meg Connery, atá tar éis a bheith i mbun oibre le roinnt blianta anuas chun aird a tharraingt ar an obair thábhachtach a rinne sí.
i gcuimhne Meg Knight Connery
"Bean chróga mhisniúil a bhí inti", a dúirt Micheál Casey ón gCoiste Cuimhneacháin linn inniu. "Bhí sí beag bídeach. Ach sheas sí an fód go láidir. Chuaigh sí ar stailc ocrais faoi dhó. Chaith sí go leor tréimhsí sa phríosún. Léiríonn tuairiscí ón tréimhse sin gur briseadh a srón agus í istigh sa phríosún."
Bhí Micheline Sheehy Skeffington, gariníon le Hanna Sheehy Skeffington, i láthair ag an ócáid inniu.
Chum garneacht le Meg Connery, Lisa Schneckenburger, amhrán go speisialta chun comóradh a dhéanamh ar an ócáid.