Tá imní mhór ar dhaoine san áit faoin tríú críochfort ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Tá plean leis an gcríochfort a thógáil curtha faoi bhráid Chomhairle Chontae Fhine Gall le gairid ag Des agus Ulick McEvaddy, ach deir Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath go bhfuil siad ag díriú ar a bplean féin, atá curtha isteach acu ó Mhí na Nollag seo caite.
Beagnach 28 bliain ó shin a moladh ar dtús an tríú críochfort a thógáil ag an aerfort.
Tá an chaint is deireanaí ag cur as go mór do dhaoine san áit a labhair le Seomra na Nuachta.

Le taobh an aerfoirt tá an talamh atá beartaithe don bhonneagar nua ar an margadh gan díol le fada.
Thairg Údarás an Aerfoirt €75 milliún ar an suíomh 260 acra anuraidh ach bhí na húinéirí - muintir McEvaddy - ag lorg a thrí oiread.
Deir urbhlarbhaí thar ceann an Údaráis go bhfuil an fhorbairt de dhíth le freastal ar an éileamh a chreidtear a bheidh ar an aerfort sna blianta beaga romhainn, agus go bhfuil siad ag feitheamh ar bhreith ón gComhairle Contae faoin bplean atá curtha isteach acu.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Máire Ní Bhraonáin ar Nuacht TG4 ag 1900.