Tá sochraid curtha ar Úna agus Ciara agus Saoirse Bowden, an bhean agus a beirt clainne a raibh cónaí orthu i Maigh Cuilinn, a maraíodh i dtubaiste tráchta ar an N a 17 i gCo Mhaigh Eo an tseachtain seo caite.
B'as oirthear Dhún na nGall Úna Bowden (47) ó dhúchas agus is ansiúd, i Séipéal Naomh Adomnán i Ráth Bhoth, a léadh aifreann na sochraide.
I dteach John Carlin - athair Úna agus seanathair Chiara (14) agus Shaoirse (10) - a bhí an tórramh i mBaile an Mhuilinn i Ráth Bhoth agus is as sin a tháinig an trí eiletram d’aifreann an mheánlae inniu.
Dúirt an sagart paróiste an tAth Éamonn Kelly nach raibh aon bhriarthra breátha ann a ghlanfadh pian na tragóide.
Ní leor a dúirt an sagart na focail 'briseadh croí’ agus ‘dólás’ le ciall a bhaint as an uafás agus an éagóir a tharla ar an mbóthar in aice le Clár Chlainne Mhuiris.
Fágadh suaitheantais eile freisin ag an altóir, geansaithe spóirt a bhíodh ar na cailíní agus iad ag imirt peile agus cispheile le foirne i Maigh Cuilinn.
Deartháir le David, Andrew, a thug aitheasc na sochraide a bhí scríofa ag David.
Níl deireadh leis na deora atá caointe aige a dúirt sé.
Labhair sé faoin ngean a bhí aige ar "mo chuid cailíní gleoite" agus ar a bhean, "cléibh mo chroí, m'anamchara".
"Tá an saol chomh folamh dá hoireasa. Bhí sí báite i chuile ní beo a bhain le saol an teaghlaigh, saol na gcailíní.
Sa sport, san ealaín agus sna madraí a bhí croí Chiara. Cailleadh a cuid peataí freisin sa timpiste.
Girseach bheag chineálta ab ea Saoirse a thug fuil a croí dá peataí agus do ghaiscí Harry Potter. Tá súil agam gur san saol draíochtúil sin atá sí anois."
Ag díriú ar chairde beaga na ngasúr dúirt an tAth Éamonn go raibh "meas ollmhór ag na cailíní ar an gcairdeas agus nár mhaith leo go mbeadh siad faoi smúid ach go gcaithfeadh siad saol fada sona."
D’iarr sé ar na cairde uilig i Ráth Bhoth agus Maigh Cuilinn labhairt faoi Úna, faoi Chiara agus faoi Shaoirse agus na cuimhní geala a bhí acu a choinneáil ina mbeatha.
Tar éis an aifrinn tugadh an triúr le luí le taobh a muintir a chuaigh rompu i Reilig Chonbhaigh in aice láimhe.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Ailbhe Ó Monacháin ar Nuacht TG4 ag 1900.