skip to main content

Suirbhé beartaithe faoin ASTI agus an TUI a chónascadh

Tá 500 toscaire de chuid Chumann an ASTI tar éis cruinniú do Chomhdháil na Cásca
Tá 500 toscaire de chuid Chumann an ASTI tar éis cruinniú do Chomhdháil na Cásca

Tá suirbhé beartaithe le fáil amach cén spéis a bheadh ag múinteoirí i gCumann na Meánmhúinteoirí (an ASTI) agus Aontas na Múinteoirí (an TUI) glacadh le cónascadh.

Roimh dheireadh na míosa atá cuideachta neamhspleách suirbhéireachta le tabhairt faoi.

Os comhair Chomhdháil Bhliantúil an ASTI i Loch Garman dúirt Uachtarán an chumainn Geraldine O'Brien go bhfuil socrú le fada idir an dá cheardchumann faoi chónascadh a fhiosrú.

Dúirt sí go bhfuil "cuid mhór comhráite" déanta cheana.

Grúpa agóide agus an tAire Oideachais ag triall ar Chomhdháil an ASTI

Ach dúirt sí chomh maith gur faoi na baill a bheadh an cinneadh agus go bhfuil go leor comhairliúcháin fós le déanamh sula mbeadh aon chaint ar vóta a eagrú.

Deir ArdRúnaí an ASTI go bhfuil an gabháil-chun-cinn atá déanta go dtí seo déanta go mall, stuama agus nach bhfuil ceachtar cumann ag iarraidh an iomarca deifir a chur faoin bpróiseas.

Léireoidh an suirbhé a deir Kieran Christie céard atá uaidh na baill. "Is iad na baill an ceardchumann agus is iad a mianta siúd a stiúróidh an méid atá romhainn."