Pléifidh Comhairle Cearta Daoine na Náisiún Aontaithe (an UNHRC) dréachtrún Dé hAoine ag éileamh trádbhac ar airm go hIosrael ar an mbonn go bhfuil "contúirt inchreidte cinedhíothú i nGaza".
Má ghlactar leis an rún beidh sé ar an gcéad uair ag príomhchomhlacht cearta na NA ag glacadh seasaimh ar an gcogadh.
Cáineann an rún "úsáid airm phléascacha Iosrael a bhfuil iarmhairtí acu thar limistéar leathan" i gceantair ina bhfuil daonra, agus éilítear "go gcomhlíonadh Iosrael a dualgas faoin dlí cosc a chur ar chinedhíothú."
San rún 8 leathanach éilítear freisin go gcuirfeadh Iosrael deireadh leis an "bhforghabháil ar Limistéar na Palaistíne, deireadh leis an imshuí mídhleathúil ar Ghaza agus deireadh le gach cineál eile pionós ar an daonra i gcoitinne, pionós an ghorta san áireamh".
Iarrtar ar thíortha na cruinne deireadh a chur le díol nó aistriú airm, armlóin agus oirnéis eile cogaidh go hIosrael.
Léirítear mór-imní faoi iarmhairtí na cogaíochta ar ospidéil, ar scoileanna, ar thithíocht agus ar an soláthar uisce agus leictreachais.
Tá an rún á chur chun cinn ag an bPacastáin thar ceann 55 den 56 ballstát san gCumann Comhoibriú Ioslamach. Níl an Albáin ag seasamh leis an rún.
Tá an rún á chomh-urrú ag Cúba, an Bholaiv agus Misean na Palaistíne sa nGinéiv.
Dé hAoine an lá deiridh ag an gComhairle reatha Cearta Daoine.
47 ballstát atá ar an gComhairle, 18 ina measc atá tar éis an dréachtrún a chur chun cinn.
24 vóta atá ag teastáil le móramh a chinntiú ach glactar le rún le líon níos lú vótaí ag brath ar staonadh.
Tá Iosrael ag casaoid le fada faoin gComhairle Cearta Daoine agus deir siad go bhfuil an eagraíocht claonta ina n-aghaidh.