skip to main content

Ceannasaí cosanta Iosrael tar éis a rá gur "botún tromchúiseach" a bhí i marú 7 oibrí idirnáisiúnta fóirithinte

"Seachtar laoch" maraithe in "ionsaí spriocdhírithe" a deir World Central Kitchen.
"Seachtar laoch" maraithe in "ionsaí spriocdhírithe" a deir World Central Kitchen.

Tá ceannasaí cosanta Iosrael tar éis a rá gur "botún tromchúiseach" ab ea an t-ionsaí Dé Luain inar maraíodh seachtar lucht fóirithinte i nGaza tar éis don mharú olc a spreagadh go domhanda.

Ceann Foirne Arm Iosrael, Hervi Halevi

"Níor chóir go mbeadh sé tarlaithe" a dúirt an Ginearál Hervi Halevi agus dúirt sé gur "aithint in aimhréir" a bhí san ionsaí i ndubh na hoíche.

"Ní d’aon ghnó a déanadh an botún agus tá muid in aiféala faoin dochar atá déanta do mheitheal an WCK" a dúirt an Ginearál faoin eagras as Meiriceá, World Central Kitchen.

An fheithicil a hionsaíodh i Deir al-Balah i nGaza

Bhí an fhoireann a maraíodh "díreach tar éis breis is 100 tonna bia a dhíluchtú, ábhar fóirithinte a bhí tugtha isteach go Gaza ar muir as an gCipir" a deir WCK.

Ta an eagríocht a deir siad ag caoineadh "seachtar laoch": triúr as an mBreatain, John Chapman (57), Jim Henderson (33) agus James Kirby (47); an Palaistíneach Saifeddine Issam Ayad Abutaha (25); an tAstrálach Zomi Frankcom (43); an Polannach Damian Sobol (35) agus Jacob Flickinger (33) de bhunú Cheanada agus Mheiriceá.

"Ionsaí spriocdhírithe" a bhí ann a dúirt WCK "cé go raibh muid i dteagmháil le Arm Iosrael agus an díluchtú bia á ullmhú".

Tá Uachtarán na Stát Aontaithe tar éis a rá "nach bhfuil a ndóthain déanta ag Iosrael le lucht fóirithinte a choinneáil slán, lucht oibre atá ar a mbionda ag cuidiú le sibhialtaigh."

D’éiligh Joe Biden "fiosrú gan mhoill".

"Ní eachtra aonair é seo" a dúirt an tUachtarán.

Tá ArdRúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres tar éis a rá go bhfuil 196 oibrí fóirithinte maraithe go dtí seo sa gcogadh.

"Ionsaí gan scrupall" a bhí ann a dúirt an tArdRúnaí "ach tortha é nach féidir a sheachaint sa slí ina bhfuil an cogadh á stiúradh".

Tá Gaza faoi imshuí le fada ag Iosrael agus dianghlasáil déanta ar an stráice cúng ó thosaigh an ghéar-chogaíocht 6 mhí ó shin.

Tá World Central Kitchen tar éis a gcuid obair fóirithinte a chur ar fionraí a deir siad agus tá an long fóirithinte an Jennifer ag filleadh ar an gCipir a deir siad agus 240 tonna ábhair fós ar bord aici.

Deir Príomhaire Iosrael "nach d’aon ghnó" a maraíodh na daoine.

"Cás tragóideach é agus fiosfrófar go hiomlán é" a deir Benjamin Netanyahu.

Ach níor ghabh sé leithscéal as.