Tá duine as gach ceathrar a bhfuil uathachas orthu fágtha gan áit oiriúnach sa chóras scoile a deir an eagraíocht 'As I am'.
Thug an eagraíocht le fios freisin go gcreideann os cionn leath de na daoine a ceistíodh i suirbhé nach gcaitear go cothrom leo sa chóras oideachais.
Foilsíodh an suirbhé inniu ar Lá Domhanda Feasachta ar Uathachas.