skip to main content

Dalta scoile amháin marbh in eachtra lámhaigh i Helsinki

Buachaill óg 12 bliain d'aois gafa ag póilíní na tíre
Buachaill óg 12 bliain d'aois gafa ag póilíní na tíre

Tá dalta scoile 12 bliain d'aois gafa ag na póilíní i bpríomhchathair na Fionlainne,Helsinki i dtaca leis an ionsaí lámhaigh a rinneadh i scoil ansin ar maidin.

Lámhachadh triúr daltaí ón scoil, iad ar fad 12 bliain d'aois agus bhásaigh duine díobh ina dhiaidh sin.

Tá cóir leighis á cur ar an mbeirt eile san ospidéal.

Tharla an eachtra i Vantaa, bruachbhaile de chuid na príomhchathrach.

Áirítear go bhfuil suas le 800 dalta atá idir 7-16 bliain d'aois ag freastal ar an scoil.

Tá a alltacht faoin ionsaí léirithe ag Príomh-Aire na Fionlainne,Petteri Orpo.

Deir na póilíní nach bhfuil siad sa tóir ar aon duine eile maidir lenar tharla.