Tá ómós léirithe ag an Taoiseach, Leo Varadkar agus ceannaire Fhine Gael,Simon Harris don Aire Simon Coveney a d'fhógair inniu go mbeadh sé ag éirí as a chúramaí aireachta an tseachtain seo chugainn.
Ar an gclár raidió de chuid RTÉ,'Today with Claire Byrne', dúirt Simon Coveney, a bhfuil Aireacht na Trádála agus na Fostaíochta faoina chúram nach raibh a fhios aige an bpiocfaí é le bheith ina aire rialtais nuair a bheadh an Dáil ar ais ina suí an tseachtain seo chugainn.
Glactar leis go dtoghfar ceannaire Fhine Gael,Simon Harris ina Thaoiseach agus beidh airsean ansin a chuid airí rialtais a roghnú.
Dúirt Simon Coveney go n-éascódh sé an cúram sin do Simon Harris tré sheasamh go leataobh.
Chuir sé an méid sin in iúl do Simon Harris aréir agus chuir sin in airde ar an gcóras giolcaireachta X.
Tá an tuairimíocht ann go ndearna Simon Coveney an cinneadh mar gur bhraith sé nach n-ainmneodh Simon Harris é sa Rialtas.
Tá an tuairimíocht láidir ann go bhféadfadh arduithe céime a bheith i ndán do na hAirí Stáit, Peter Burke, Neale Richmond agus Jennifer Carroll McNeill.
Ach d'fhéadfadh sé freisin go mbraithfeadh Simon Harris gur chóir dó aireacht sinsearach a bhronnadh ar Hildegarde Naughten nó Patrick O'Donovan ar chiúinsí tíreolaíochta.
13 bliain atá caite ag Simon Coveney in aireachtaí rialtais agus cuimhneofar go speisialta ar an ról a bhí aige mar Aire Gnóthaí Eachtracha le linn chainteanna an Bhreatimeachta.
Is é Corcaigh Lár-Theas an dáilcheantar ina bhfuil Simon Coveney ina Theachta Dála ó 1998 tráth ar éirigh leis suíochán a athar a bhuachan i bhfothoghchán.
Dáilcheantar thar a bheith iomaíoch ina bhfuil an tAire Airgeadais Micheal McGrath (FF) agus an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha,Micheál Martin (FF) chomh maith le Donnchadh Ó Laoghaire (SF).
Nuair a ceistíodh Simon Coveney i dtaca le bheith san iomaíocht don chéad olltoghchán eile dúirt sé nach raibh a intinn socraithe ina thaobh sin go fóill.