Tá ionsaí an lae inné a rinne aerfhórsa Iosrael ar lár stráice Gaza inar maraíodh seachtar oibrí fóirthinte cáinte go láidir ag Ard-Ionadaí de chuid an Aontais Eorpaigh,Josep Borrell.
Chuir sé an milleán ar Iosrael faoinar tharla.
D'iarr sé go gcuirfí fiosrúchán ar bun láithreach.
Dúírt Príomh-Aire Iosrael,Benjamin Netanyahu gur tré thaisme a scaoileadh leis na feithiclí agus gurbh eachtra thragóideach a bhí ann.
Bhí saoránaigh ón Astráil, ón Bhreatain agus ón Pholainn i measc an tseachtair a maraíodh a bhuíochas don ionsaí a rinneadh ar na feithiclí ina raibh siad.
Bhí siad ag obair don eagraíocht dáilithe bia 'World Central Kitchen' (WCK).
Tá fear eile a bhfuil saorántacht de chuid Mheiriceá agus Cheanada aige chomh maith le Pailistínigh i measc na marbh freisin.
Bhí siad araon ag taisteal i 2 charr armtha a raibh comhartha WCK le feiceáil orthu agus ainneoin go raibh comhordú idir iad agus Fórsaí Cosanta Iosrael buaileadh ón aer iad i ndiaidh dhóibh breis is 100 tonna de lastas a fhágáil ag teach stórais i Gaza.
'Ní amháin gur ionsaí é seo ar WCK, is ionsaí é ar na heagraíochtaí daonchabhracha ar fad atá ag iarraidh bia a chur ar fáil ag láithreacha an uafáis' a dúirt Príomhfheidhmeannach WCK, Erin Gore.
'Tá a léithid do-mhaite' a dúirt sé.
Deir Iosrael gur eachtra thragóideach a bhí ann agus tá sé ag fiosrú na heachtra.