'Níl forais pholaitiúla Stormont in aon bhaol ainneoin a bhfuil tarlaithe laistigh de cheannasaíocht an DUP' a dúirt Céad Aire an Tuaiscirt,Michelle O'Neill.
Dúirt Michelle O'Neill go raibh sí i dteagmháil le ceannairí na bpáirtithe eile sa bhFeidhmeannas-An DUP,Alliance agus Aontachtaithe Uladh (UUP) lena chinntiú nach mbeadh aon impleachtaí diúltacha ann do Chomhaontú an Tuaiscirt i bhfianaise a raibh tagtha chun cinn inné faoi Jeffrey Donaldson.
Dúirt sí gur mheas sí go raibh gach aon duine suaite agus gur am an-dúshlánach é seo do chuile dhuine ó thuaidh, go speisialta iad sin a chuaigh chuig na póilíní leis na líomhaintí seo.
'Ach tá na ceannairí uilig ar aon intinn nach bhfuil na forais pholaitiúla in aon bhealach i gcontúirt' a dúirt sí.
'Caithfidh muid anois freastal ar phobal an Tuaiscirt agus is orthusan atá m'aird dirithe' a dúirt Michelle O'Neill in agallamh le 'Sky News'.
Dúirt Leas Céad Aire an Tuaiscirt,Emma Little-Pengelly, (DUP) go bhfuil sise freisin meáite ar an mbuansheasmhacht pholaitiúil ó thuaidh.