Dúirt ceannaire eatramhach an DUP,Gavin Robinson go bhfuil daoine áirithe atá ag iarraidh leas polaitiúil a bhaint as an mbealach ar éirigh Jeffrey Donaldson as ceannaireacht an pháirtí i dtaca le líomhaintí atá curtha ina leith.
Dúirt an feisire d'oirthear Bhéal Feirste nár cheart d'aon duine gníomhú sna míonna romhainn i mbealach ar bith a bhainfeadh ón bhfiosrúchán coiriúil atá bunaithe ag an PSNI.
Tuigtear go bhfuil Jeffrey Donaldson ag séanadh go láidir a bhfuil á chur ina leith; cionta gnéis bainteach leis an bhfad a caitheadh.

Tá bean 57 bliain d'aois cúisithe maidir leis na cionta céanna.
Gabhadh Jeffrey Donaldson, atá 61 bliain, agus an bhean ar maidin Déardaoin agus cúisíodh iad sna cionta ina dhiaidh sin.
Tá an bheirt le teacht os comhair cúirte san Iúr i gCo. an Dúin ar an 24 Aibreán.