skip to main content

'Teastaíonn tuilleadh gardaí ar na bóithre'-Chambers

Feachtas mór na ngardaí an deireadh seachtaine seo
Feachtas mór na ngardaí an deireadh seachtaine seo

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Iompair,Jack Chambers, nach leor líon na ngardaí atá i mbun póilíneachta ar bhóithre na tíre faoi láthair.

Dúirt sé go raibh an imní sin curtha in iúl aige do Choimisinéir an Gharda Síochána, ag rá leis go gcaithfí athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal má bhíothas le líon na ndaoine a mharaítear ar na bóithre a laghdú.

640 garda atá curtha i dtreo phóilíneacht ar na bóithre faoi láthair.

Dúirt an tAire Stáit Chambers nach leor an líon seo.

An tAire Stáit sa Roinn Iompair Jack Chambers

De réir na bhfigiúirí ón Gharda Síochána gabhadh 19 duine ar fad sa chéad lá dá fheachtas maidir le sábháilteacht ar bhóithre an deireadh seachtaine saoire bainc seo.

Gabhadh iad mar go rabhthas in amhras go raibh siad faoi thionchar drugaí mídhleathacha nó deochanna meisciúla.

Is é inniu an 3ú lá den fheachtas.

Tá pointí seiceála curtha ar bun ag gardaí ar fud na tíre agus iad ag moladh arís don phobal a bheith airdeallach agus coinsiasach maidir lena gcuid tiomána.

Deir siad gur dócha gur inniu seachas aon lá eile den deireadh seachtaine a tharlóidh drochthimpiste bóthair, go háirithe a deir siad idir a 3 agus a 6 a chlog san iarnóin.

55 duine atá maraithe ar na bóithre ó thús na bliana agus chuile chosúlacht air go mbeidh sé ar cheann de na blianta is measa ó thaobh timpistí marfacha dhe mura n-athraíónn tiománaithe a gcuid béasaí.

Leanfaidh dianfheachtas na ngardaí go dtí maidin Dé Máirt.