skip to main content

Beirt fhear fós á gceistiú faoi dhóiteán in óstán i gConamara

Chuaigh Óstán Theach Loch an Rois le thine i gcaitheamh na hoíche ar an 16 Nollaig 2023
Chuaigh Óstán Theach Loch an Rois le thine i gcaitheamh na hoíche ar an 16 Nollaig 2023

Tá beirt fhear fós á gceistiú ag na Gardaí maidir le dóiteán a bhí in óstán i gCo na Gaillimhe seachtain roimh an Nollaig anuraidh.

Bhí 70 iarrthóir tearmainn le cur a chónaí in Óstán Theach Loch an Rois i Ros Cathail in oirthuaisceart Chonamara agus creideann na Gardaí gur lasadh an áit in aon turas.

Gabhadh an bheirt fhear ar maidin inné agus tá siad á gceistiú faoi dhamáiste coiriúil a dhéanamh don óstán.

Tá duine de na fir sna daichidí agus tá an duine eile sna caogaidí.

Is féidir iad a choinneáil ar feadh ceithre huaire fichead san iomlán, gan sosanna a chur san áireamh.

Ghabh na Gardaí beirt bhan inné freisin ach tá siadsan scaoilte saor acu ó shin.

Tá comhaid maidir le cás na mban le cur chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ag na Gardaí.

Nuacht agus Cursaí Reatha RTÉ