skip to main content

Ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson cúisithe i gcionta gnéis

Jeffrey Donaldson
Jeffrey Donaldson

Tá Jeffrey Donaldson éirithe as mar cheannaire an DUP tar éis dó a bheith cúisithe ag na póilíní i gcionta gnéis.

Deirtear go mbaineann na cúiseanna leis an am a caitheadh.

Tá bean 57 bliain d'aois cúisithe maidir leis na cionta céanna.

Gabhadh Jeffrey Donaldson, atá 61 bliain, agus an bhean ar maidin inné agus cúisíodh iad sna cionta aréir.

Tá an bheirt le teacht os comhair cúirte san Iúr i gCo an Dúin ar an 24 Aibreán.

Tuigtear go bhfuil na líomhaintí ina aghaidh á séanadh go láidir ag Jeffrey Donaldson.

I ráiteas, dúirt an DUP go raibh leascheannaire an pháirtí Gavin Robinson ceaptha mar cheannaire eatramhach.

Dúradh sa ráiteas freisin go bhfuil ballraíocht Jeffrey Donaldson sa pháirtí curtha ar fionraí.

Bhíothas á thuairimiú go raibh fógra suntasach le déanamh inniu ag an DUP ó tháinig sé chun solais go raibh cruinniú gairmthe gan choinne ag oifigigh shinsearacha an pháirtí ar maidin.

Tuairiscíodh ar maidin freisin nach raibh teacht níos mó ar chuntais mheán sóisialta Jeffrey Donaldson.

Toghadh Jeffrey Donaldson mar cheannaire an DUP in 2021.

Tá sé ina fheisire parlaiminte do thoghcheantar Ghleann an Lagáin ó 1997.

Ball de Pháirt Aontachtach Uladh a bhí ann go dtí 2003 agus chuaigh sé isteach sa DUP an bhliain dar giconn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ