skip to main content

Cúirt ag ordú d'Iosrael soláthairtí bia a ligean isteach in Gaza

Mná agus leanaí Palaistíneacha ag breathnú go hairceach ar an mbéile caol, Rafah, Gaza, 28 Márta 2024
Mná agus leanaí Palaistíneacha ag breathnú go hairceach ar an mbéile caol, Rafah, Gaza, 28 Márta 2024

Tá ordú tugtha ag an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta d'Iosrael cabhair dhaonnúil agus soláthairtí riachtanacha a ligean isteach in Gaza gan mhoill.

Foras de chuid na Náisiún Aontaithe is ea an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta.

Deirtear i rialú d'aon ghuth na cúirte sa Háig nach leor a rá níos mó go bhfuil Gaza i mbaol gorta ó tá gorta ann cheana féin.

I dtuarascáil a cuireadh i dtoll a chéile thar ceann na Náisiún Aontaithe agus a foilsíodh an tseachtain seo caite, dúradh go raibh tubaiste mhór i ndán do Phalaistínigh Gaza mura ligfÍ soláthairtí bia isteach san iamhchríoch go córasach agus go rialta gan a thuilleadh spáis.

Tá sé ráite ag na hIosraelaigh nach bhfuil aon bhunús le rialú na cúirte sa Háig.

Ní hamháin sin, a deir na hIosraelaigh, ach tá siad ag déanamh gach ar féidir leo – i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí eile – lena chinntiú go bhfaigheann muintir Gaza an chabhair atá de dhíth orthu.

I mí Eanáir seo caite, ar iarratas Rialtas na Afraice Theas, d'ordaigh an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta d'Iosrael cinedhíothu in Gaza a chosc.

Cé go bhfuil údarás dlíthiúil ag rialuithe na cúirte, níl aon údarás praiticiúil acu mar nach bhfuil aon struchtúr ann lena gcur i bhfeidhm.

Fógraíodh inné go raibh Rialtas na hÉireann le idirghabháil a dhéanamh sa chás atá an Afraic Theas a thabhairt in aghaidh Iosrael sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta.

Cuirfidh an Rialtas dearbhú os comhair na cúirte ina leagfar amach léamh na tíre seo ar an gcoinbhinsiún idirnáisiúnta maidir le cinedhíothú.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ