skip to main content

42 duine maraithe ag aerfhórsa Iosrael in Aleppo sa tSiria

Is in aice le haerfort idirnáisiúnta Aleppo a rinneadh an t-ionsaí
Is in aice le haerfort idirnáisiúnta Aleppo a rinneadh an t-ionsaí

Maraíodh 42 duine ar a laghad i ruathar buamála a rinne aerfhórsa Iosrael ar chathair Aleppo in iarthuaisceart na Siria go moch ar maidin inniu.

Tuairiscítear gur saighdiúirí in Arm na Siria a bhí sa chuid is mó de na mairbh agus go raibh cúigear comhaltaí de Hezbollah na Liobáine ina measc freisin.

Is cosúil gur ar armlann in aice le haerfort idirnáisiúnta Aleppo a bhí ionsaí na nIosraelach dírithe.

Dar le háisíneacht nuachta na Siria gur maraíodh agus gur gortaíodh idir shaighdiúirí agus shibhialtaigh san ionsaí.

Tá na céadta ruathar buamála déanta ag aerfhórsa Iosrael ar ionaid éagsúla sa tSiria ó thosaigh an cogadh cathartha sa tír sin in 2011.

Tá na ruathair á ndéanamh acu níos minice, áfach, ó thosaigh an chogaíocht in Gaza i mí Dheireadh Fómhair seo caite.

Déanann na hIosraelaigh ionsaithe buamála ar dheisceart na Liobáine go rialta freisin.

Tá 346 duine ar a laghad maraithe acu sa réigiún sin le cúig mhí go leith. Comhraiceoirí Hezbollah ab ea a bhformhór ach bhí 70 sibhialtach ina measc chomh maith.

Tá deichniúr saighdiúirí Iosraelacha agus ochtar sibhialtach maraithe in ionsaithe atá déanta ag Hezbollah ar thuaisceart Iosrael i gcaitheamh an achair chéanna.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ