Tugadh comhalta d'Óglaigh na hÉireann os comhair Chúirt Dúiche Chorcaí tráthnóna inné agus é cúisithe maidir le lear cócaoin a fuarthas i nDún Uí Choileáin i gcathair Chorcaí Dé Céadaoin seo caite.
Sin é Shane Scanlon, 34 bliain d'aois, as Ardáin an Chúilín i mBaile Bhallúin sa Chóbh i gCo Chorcaí.
Tá sé cúisithe i gcócaon a bheith ina sheilbh aige ar Sheanbhóthar Eochaille i gCorcaigh agus rún aige é a dhíol le duine eile nó a sholáthar do dhuine eile.
Measann na Gardaí luach €25,000 a bheith sa chócaon.
Scaoileadh saor ar bannaí Shane Scanlon agus tá sé le teacht os comhair na cúirte arís ar an 15 Iúil.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ