skip to main content

Tuilleadh éisteachtaí poiblí faoin Metrolink geallta

Léaráid ealaíontóra den stáisiún Metrolink ag Aerfort Baile Átha Cliath
Léaráid ealaíontóra den stáisiún Metrolink ag Aerfort Baile Átha Cliath

Ba é inniu an lá deireanach den éisteacht ó bhéal ag an mBord Pleanála faoin Metrolink, an córas traenach faoi thalamh atá le tógáil i mBaile Átha Cliath.

22 lá a mhair an éisteacht a bhí ar siúl in Óstán an Gresham i bhfíorlár na príomhchathrach.

Is iad Sord i dtuaisceart an chontae agus Charlemont in aice le Raghnallach i ndeisceart na cathrach an dá cheann aistir a bheidh ag an Metrolink agus is iomaí duine agus eagraíocht idir an dá áit sin a bhfuil guthaíocht acu ar an scéal.

Beidh sé stáisiún déag feadh an bhealaigh agus táthar ag súil go mbainfidh 53 milliún paisinéir feidhm as an gcóras nua traenach gach bliain.

Is togra ábhalmhór é a tharraingeoidh costas ábhalmhór, dar ndóigh, agus is €9 mbilliún atá á lua leis faoi láthair.

Cé gur labhair níos mó na 120 duine ag an éisteacht ó bhéal, dheimhnigh an Bord Pleanála inniu go gcuirfí an comhairliúchán poiblí ar bun arís amach anseo le deis a thabhairt do níos mó daoine a gcuid a rá.

Go deimhin, chuir Bonneagar Iompair Éireann thart ar 200 cáipéis nua isteach le linn na héisteachta agus dúirt roinnt daoine nach raibh a ndóthain ama acu lena scrúdú.

Mar sin féin, mhaígh príomhfheidhmeanach Bhonneagar Iompair Éireann, Peter Walsh, go raibh Metrolink ag teastáil go géar de bhrí go raibh córas iompair Bhaile Átha Cliath chomh mí-éifeachtach.

Dúirt sé freisin gur léirigh na haighneachtaí a cuireadh i láthair na éisteachta go raibh tacaíocht mhór ann don togra.

Labhair an Teachta Dála Jim O'Callaghan ó Fhianna Fáil ag an éisteacht inniu freisin. Tá Charlemont ina dháilcheantar féin agus thug sé le fios gurbh fhearr leisean agus le go leor daoine eile ceann aistir ó dheas an Metrolink a bhunú i lár na cathrach.

Dúirt sé go raibh trí rogha ag an mBord Pleanála, mar atá, an t-iarratas ar phleanáil a cheadú, an t-iarratas a dhiúltú, nó é a cheadú faoi réir coinníollacha ar leith.

De réir mar atá cúrsaí faoi láthair, tá an obair thógála ar an Metrolink le tosú an bhliain seo chugainn ach d'fhéadfadh cor nó dhó eile a bheith sa scéal fós.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ