skip to main content

Bailte in Gaza á dtuairgneáil i gcónaí ag fórsaí Iosrael

Cathair Gaza, 28 Márta 2024
Cathair Gaza, 28 Márta 2024

Tuairiscítear go bhfuil bailte in Gaza á mbombardú i gcónaí ag fórsaí Iosrael agus go bhfuil saighdiúirí coise na nIosraelach agus comhraiceoirí Palaistíneacha i ndeabhaidh le chéile freisin i gcorráit san iamhchríoch.

Deir na hIosraelaigh chomh maith go bhfuil roinnt tollán a raibh lucht airm Hamas i bhfolach iontu scriosta acu.

Deir aireacht sláinte Gaza gur mharaigh na hIosraelaigh 62 duine ann ó inné.

Ritheadh rún i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Dé Luain seo caite ag éileamh sos comhraic a chur i bhfeidhm in Gaza láithreach.

Ritheadh an rún nuair a staon na Stáit Aontaithe, an comhghuaillí is mó atá ag na hIosraelaigh.

Chuir sé sin olc ar na hIosraelaigh, áfach, agus chuir siad cruinniú a bhí le bheith acu leis na Meiriceánaigh ar ceal dá bharr.

Tá sé tugtha le fios ag na Meiriceánaigh inniu go bhfuil na hIosraelaigh tar éis dul siar ar an gcinneadh sin agus go bhfuil sé beartaithe ag an dá thaobh an cruinniú a reáchtáil go luath.

Tá na hIosraelaigh fós mionnaithe ionradh iomlán a dhéanamh ar chathair Rafah i ndeisceart Gaza agus tuigtear go dteastaíonn ó na Meiriceánaigh cur ina luí orthu aghaidh a thabhairt ar chomraiceoirí armtha agus sibhialtaigh na cathrach a chosaint.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ