skip to main content

Ionaid i nDún Dealgan cuardaithe ag Aonad Drugaí na nGardaí

Ceann den dá lasta cócaoin a tháinig i dtír i nDún na nGall an samhradh seo caite
Ceann den dá lasta cócaoin a tháinig i dtír i nDún na nGall an samhradh seo caite

Chuardaigh Gardaí as Dún na nGall, i gcomhar le Gardaí i gCo Lú, roinnt ionad i nDún Dealgan ar maidin inniu mar chuid den fhiosrúchán atá ar bun acu faoi lear mór cócaoin a tháinig i dtír i nDún na nGall an samhradh seo caite.

Níor ghabh na Gardaí aon duine inniu ach thóg siad gairis leictreonacha agus cáipéisí a bhféadfaí leas a bhaint astu, a dúirt siad, mar fhianaise amach anseo.

Baineann an fiosrúchan le dhá lasta cócaoin a fuarthas i mBaile Uí Fhuaruisce i bhFánaid agus ar an Trá Mhór i nDún Fionnachaidh i gCo Dhún na nGall ar an 19 Iúil anuraidh.

Bhí 60 cileagram meáchain sna lastaí, idir an péire acu, agus measadh ag an am luach €4 mhilliún a bheith sa chócaon.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ