Tá ceathrar gafa ag na Gardaí maidir le dóiteán a bhí in óstán i gCo na Gaillimhe seachtain roimh an Nollaig anuraidh.
Bhí 70 iarrthóir tearmainn le cur a chónaí in Óstán Theach Loch an Rois i Ros Cathail in oirthuaisceart Chonamara agus creideann na Gardaí gur lasadh an áit in aon turas.
Beirt fhear agus bheirt bhan atá sa cheathrar atá á gceistiú ag na Gardaí faoin scéal.
Tá duine de na fir agus duine de na mná sna daichidí agus tá an bheirt eile sna caogaidí.
Deir na Gardaí go bhfuil an ceathrar á gcoinneáil i stáisiún Gardaí i réigiún an iarthuaiscirt.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ