skip to main content

Fear sna fichidí maraithe i dtimpiste bóthair i gCo Ros Comáin

Fear sna fichidí maraithe i dtimpiste bóthair i gCo Ros Comáin
Fear sna fichidí maraithe i dtimpiste bóthair i gCo Ros Comáin

Maraíodh fear sna fichidí i dtimpiste bóthair a bhí i gCo Ros Comáin aréir.

Bhuail an gluaisteán a bhí an fear a thiomáint agus leoraí faoina chéile ar bhóthar an N61 siar ó Bhaile Átha Luain go gairid roimh 10 a chlog aréir.

Thug na seirbhísí éigeandála an fear chuig Ospidéal Portiuncula i mBéal Átha na Sluaighe, áit ar deimhníodh go raibh sé caillte.

Tá scrúdú teicniúil le déanamh ar láthair na timpiste inniu ag saineolaithe na nGardaí.

Is iad na Gardaí i mbaile Ros Comáin atá i mbun an fhiosrúcháin agus tá siad ag iarraidh ar aon duine a chonaic an timpiste nó a mbeadh aon eolas ábhartha eile acu teacht chun cainte leo.

Tá 55 duine maraithe ar bhóithre an Stáit ó thús na bliana, sin trí dhuine dhéag níos mó ná an tréimhse chéanna anuraidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ