Cuireadh beagnach 12,000 áras cónaithe sóisialta ar fáil sa Stát anuraidh, ar méadú 16% é ón mbliain roimhe sin, de réir figiúirí nua a foilsíodh inniu.
Níor baineadh sprioc amach, áfach, ó bhí sé geallta ag an Rialtas 13,130 áras cónaithe sóisialta a chur ar fáil in 2023.
An as 12,000 áras cónaithe a cuireadh ar fáil ar deireadh, ba tithe nua nó árasáin nua beagán le cois 8,000 díobh, cheannaigh an Stát beagnach 2,000 eile agus fuarthas 2,000 eile fós ar léas.
Léiríonn na figiúirí nua freisin gur cuireadh ar fáil barr ar 4,000 áras cónaithe inacmhainne anuraidh, sin a dhá oiread níos mó ná an bhliain roimhe sin.
Ag trácht dó ar na figiúirí, dúirt an tAire Tithíochta Darragh O'Brien go bhfuil borradh faoin líon tithe sóisialta atá an Rialtas a chur ar fáil.
Mhaígh urlabhraí tithíochta Shinn Féin Eoin Ó Broin, áfach, go gcuirfeadh na figiúirí daoine ar seachrán dá nglacfaidís leo.
Is é fírinne an scéil, arsa sé, go bhfuil ag teip ar an Rialtas gach cineál tithíochta inacmhainne a chur ar fáil.
Fógraíodh inniu chomh maith go raibh 13,841 duine gan baile dá gcuid féin agus ag cur fúthu i gcóiríocht éigeandála sa Stát an mhí seo caite, an líon is mó a taifeadadh riamh. Páistí ab ea 4,170 díobh.
Dar le Wayne Stanley ón gcarthanas Clann Shíomóin nach bhfuil de réiteach ar an scéal ach tuilleadh tithe sóisialta agus inacmhainne a chur ar fáil do dhaoine nach bhfuil baile dá gcuid féin acu agus tuilleadh seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil dóibh idir an dá linn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ