Tá beirt fhear le cur ar a dtriail faoi dhúnorgain thriúr déagóirí a maraíodh i mbrútam daoine taobh amuigh d'óstán i gCo Thír Eoghain cúig bliana ó shin.
Maraíodh an triúr – beirt bhuachaillí agus cailín – agus iad ag fanacht le dul isteach in Óstán an Greenvale ar an gCorr Chríochach Lá Fhéile Pádraig 2019.
B'in iad Lauren Bullock, seacht mbliana déag, Morgan Barnard, seacht mbliana déag, agus Connor Currie, sé bliana déag.
Is iad úinér an óstáin, Michael McElhatton, 57 bliain, agus fear slándála féinfhostaithe, Séamus Mitchell, 45 bliain, an bheirt atá cúisithe i ndúnorgain an triúir.
Tháinig an cás in aghaidh na beirte fear os comhair cúirte i nDún Geanainn ar an gcéad dul síos i mí na Nollag 2022 ach cuireadh ar atráth é go minic ina dhiaidh sin mar gheall ar argóintí dlíthiúla.
Dúirt an breitheamh sa chúirt inniu nach bhfuiltear ag cur i leith na beirte go raibh sé ar intinn acu díobháil a dhéanamh d'aon duine.
Is é cás an ionchúisimh, arsa an breitheamh, gur sháraigh siad an dualgas cúraim a bhí orthu i leith na ndéagóirí a maraíodh.
Tá dáta tosaigh na trialach le socrú fós.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ